Is modh leighis malartaigh é an Modh Bates atá dírithe ar radharc na súl a fheabhsú. Ba é an dochtúir Meiriceánach William Horatio Bates, MD (1860-1931) a bhunaigh an modh seo. Bhí sé den tuairim gur strus is cúis le fadhbanna súl agus bhraith sé go ndearna spéaclaí dochar agus nár ghá iad i ndáiríre.

William H. Bates agus a cúnta

D'fhoilsigh Bates leabhar chomh maith le hiris le cuidiú le daoine radharc a gcuid súl a fheabhsú. Bhí na hoirbhearta a mhol sé dírithe ar do scíth a ligean, na súile a choinneáil ag gluaiseacht agus díriú ar mhionrudaí seachas an pictiúr ar fad a ghlacadh isteach in aon am amháin. Chur sé béim ar leith ar litreacha dubha agus marcanna a shamhlú i d'intinn, agus rudaí eile. Bhraith sé freisin go mbeadh fiúntas ann do chuid súl a nochtadh do sholas na gréine ach de réir mar a chuaigh an modh ar aghaidh moladh do chuid súile a choinneáil dúnta agus gan a bheith ag breathnú díreach ar an ngrian le súile oscailte ar fhaitíos go ndéanfadh sé seo dochar buan duit, is dócha.