Sa bhfisic, tugtar modhnú ar chur i bhfeidhm athruithe rialta ar chúlra éigin, léas cáithníní nó radaíocht de ghnáth, go minic chun eolas a iompar trí mheán an léis. Úsáidtear comhartha tarchurtha chun léas leictreon taobh istigh de theilifíseán a mhodhnú chun an pictiúr a atáirgeadh. Tá criostail is leachtanna ann ar féidir a úsáid, agus réimsí leictreacha i bhfeidhm orthu, chun léis solais a mhodhnú.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Modhnú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 464.