Mongfind

bean chéile Eochaid Mugmedon

Pearsa i seanchas na nGael ab ea Moingfhionn (Sean-Ghaeilge Mongfind[1]) de réir dealraimh as an Mumhain ó dhúchas.

Infotaula de personaMongfind
Teaghlach
CéileEochaid Mugmedon Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAilill mac Echach Mugmedóin, Fiachra Cuir in eagar ar Wikidata

Deirtear gurbh í an chéad bhean chéile d'Ard Rí seanscéalach na hÉireann, Eochaid Mugmedon, agus máthair a thriúr mhac is sine, Brión, Ailill agus Fiachra, sinsir na gConnacht stairiúil. Máthair Néill Naoighiallaigh ba ea Caireann, dara bean chéile Eochach. Tá roinnt scéalta ann ina bhfuil Moingfhionn agus Niall in adharca a chéile.

Deirtear chomh maith gur dheirfiúr í de Chriofan mac Fiadaigh, Rí na Mumhan agus an chéad Ard-Rí eile. Rinne sí iarracht é a mharú le nimh, ionas go dtagfadh a mac féin i gcoróin.[2][3] D'ól sí féin an nimh chun Criofan a áitiú, agus d'éag sí go gairid tar éis na Samhna.[3][4]

Bandia cuir in eagar

De réir Sanas Cormaic, bandia ab ea í, a d'adhrtaí na Gaeil págánacha ag Féile Moingfhinne, a cheiliúrtaí ar an Samhain.[3][4] I seanscéalta níos deireanaí, scríofa i Social History of Ancient Ireland le Patrick Weston Joyce, is bansidhe í. Tá cnoc feiceálach darb ainm Cnoc Samhna,[5]Ard na Ríoghraidhe, i gContae Luimnigh atá i scéal nasctha le Moingfhionn. Is rann na bpáistí as Contae Phort Láirge é "Anocht Oíche Shamhna Moingfhinne bandia".

Clann agus sliocht cuir in eagar

Deirtear scaití gur sliocht luath na nEóganacht ab ea Moingfhionn agus a dheartháir, clann Fhiadaigh agus garchlsinne Dháire Chearbba de réir roinnt foinsí. Tá seo amhrasach ámh, toisc go dtugann an fhianaise le fios, dá mba stairiúil iad, gur mhuintir ríocht eile iad, b'fhéidir na Dáirine (a d'fhéadfadh a luadh iad mar a muintir i ndán aduain Sean-Ghaeilge le Flann mac Lonáin (bás 896).[6]) Sa bhanseanchas, is "Mongfind na n-Érnai" (Éarainn) an t-ainm a dtugtar uirthi, agus bhí mac eile aici darbh ainm Sidach, tar éis na gConnacht.[7] Deirtear i Rawlinson B 502 gur rugadh Dáire Cearbba i Magh Breag, Contae na Mí,[8] a raibh cuid mhaith do na chríocha sin i seilbh na nÉrainn i rith an ama sin. Is deacair na Dáirine agus na hÉrainn aithint óna chéile sna foinsí a mhaireann.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. I measc litrithe eile dá hainm tá Mongfhind, Mongfinn, Mongfhinn agus Mongfionn
  2. Stokes 1903a, 1903b
  3. 3.0 3.1 3.2 O'Grady 1892
  4. 4.0 4.1 Stokes 1903a
  5. Cnoc Samhna ar logainm.ie
  6. Leabhar Laighneach, LS folio 150b
  7. Banshenchus: The Lore of Women
  8. ed. Ó Corráin 1997