Is é Monrovia príomhchathair na Libéire agus an chathair is mó sa tír. Tá sé suite ar Rinn Mesurado ar chósta Atlantach na hAfraice Thiar. De réir Daonáireamh na bliana 2008 bhí 1,010,970 duine ina gcónaí sa chathair.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilMonrovia

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósJames Monroe Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 6°18′38″N 10°48′17″W / 6.3106°N 10.8047°W / 6.3106; -10.8047
Stáitan Libéir
County of Liberia (en) AistrighMontserrado County (en) Aistrigh
District of Liberia (en) AistrighGreater Monrovia District (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán1,021,762 (2008) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús5,260.04 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla194.25 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Mesurado agus An tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú25 Aibreán 1822
Eachtra thábhachtach
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Stair cuir in eagar

Bhunaigh Monrovia faoi choimirce an Chumainn Mheiriceánaigh Choilínithe ar 7 Eanáir 1822. Chuir an cumann lonnaíocht ar bun ar an Oileán Bushrod in aice Rinn Mesurado. Thosaigh daoine a cur fúthu i ndáiríre ansin sa bhliain 1824. Idir 1822 agus neamhspleáchas na tíre sa bhliain 1847, tháinig breis is 15,000 duine gorm, saor nó saortha, ó na Stáit Aontaithe agus 3,198 duine saortha ó oileáin Mhuir Chairib go Monrovia. Ainmníodh Monrovia i ndiaidh James Monroe, 5ú huachtarán na Stát Aontaithe, a thug tacaíocht thábhachtach don chumann.

 
Paráid i Monrovia, am éigin san 19ú céad

D'ionsaigh fomhuireán Gearmánach Monrovia sa bhliain 1918 agus chuir sé an t-aon long ag cabhlach na Libéire go poll an bhá. Scaoil sé mórtair freisin ag iarraidh stáisiúin raidió agus teileagrafaíochta a scriosadh. Tháinig long Briotanach a chuir ruaig ar na Gearmánaigh.

D'fhulaing an chathair go géar le linn na cogaidh chathartha sa Libéir (1989–1997 agus 1999–2003). Fuair timpeall is 1,000 sibhialtach bás le linn Léigear Monrovia sa bhliain 2003.