Is é an moscóiviam dúil cheimiceach uimhir a 115, agus is é Mc an giorrúchán a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha. Dúil shaorga shintéiseach

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachMoscóiviam
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Moscóiviam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachMc agus Uup
Uimhir adamhach115
Peiriad, Grúpapeiread 7
Dúil Ghrúpa 15
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Stair
AimsitheoirJoint Institute for Nuclear Research (en) Aistrigh
FionnachtainLúnasa 2003
EapainmCúige Mhoscó

é an moscóiviam, agus é an-ghearrshaolach fosta, mar is dual do na dúile troma trasúránacha. An t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige, is é sin moscóiviam 290, níl sé féin ach ocht ndeichiú cuid den tsoicind ar leathré.

Comhthoireann Rúiseach-Mheiriceánach d'fhisiceoirí núicléacha, agus iad ag obair i nDubna in aice le Moscó, a d'aithin an chéad adamh moscóiviam riamh sa bhliain 2003. Sa bhliain 2016 a fuair ainm na dúile seo faomhadh ó eagraíochtaí idirnáisiúnta na bhfisiceoirí is na gceimiceoirí.

Tá an moscóiviam suite in aon ghrúpa leis an nítrigin agus an fosfar sa tábla peiriadach, ach is deacair a dhath a rá i dtaobh airíonna ceimiceacha na dúile seo, chomh héagobhsaí is atá sí.

Tagairtí cuir in eagar