Is í an t-aonú litir déag den aibítir oghaim an Mhuin.[1][2] Is í an chéad litir, agus dá bharr an ainmlitir, den Aicme Mhuine, sraith chúig litir atá de réir tréithe scríoba fiarthrasna na stoclíne. Is é [m] a luach foghraíochta.

Bosca Sonraí GraiféimMuin

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineállitir oghaim Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deogham Cuir in eagar ar Wikidata

Sanasaíocht cuir in eagar

Gaolta is ea ainm na litreach le mwn na Breatnaise agus monile na Laidine.

Briatharoghaim cuir in eagar

Is iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) d'ainm na litreach le fáil sna Briatharoghaim:

  • tressam fedmae (is treise saothair) i mBriatharogham Morainn mac Maín
  • árusc n-airlig (rosc eirligh/áir) i mBriatharogham Mac in Óic
  • conar gotha (conair ghutha) i mBriatharogham Con Culainn

Déanann na nathanna seo nascanna idir ainm na litreach agus trí fhocal éagsúla: muin (droim);[3] muin (cleas, seift);[4] agus muin (grá, meas).[5]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 2 muin ar eDIL
  2. muin2 ar teanglann.ie FGB
  3. 1 muin ar eDIL
  4. 3 muin ar eDIL
  5. 6 muin ar eDIL


Aicmí agus Litreacha Oghaim
Beith Uath Muin Ailm Forfeda
B L F S N H D T C Q M G NG S R A O U E I EA OI UI IA AE P