Aonad luas loinge, ionann is timpeall 1.93 km san uair. Fadó, dhéanadh mairnéalaigh an luas a thomhas mar seo: Thógaidís giota adhmaid agus ghreamaidís píosa luaidhe leis. Bhíodh rópa agus snaidhm air gach 14.5 méadar. Cheanglaidís an rópa leis an ngiota adhmaid agus ligidís dó titim isteach san uisce. D'fhanadh an giota adhmaid socair ar bharr an uisce, agus ligtí don rópa sileadh amach léi i gcónaí. Tar éis 90 troigh a ligean amach, chastaí cloigín gainimhe 28 soicind bun os cionn. Ansin, le linn don ghaineamh a bheith ag titim, dheántaí na snaidhmeanna a chomhaireamh de réir mar a ghabhadh siad trí lámha an mhairnéalaigh. Ba shin luas na loinge ina mhuirmhílte (knots).[1]

Bosca Sonraí AonadMuirmhíle
Cineálaonad luais agus aonad díorthaithe UCUM Cuir in eagar ar Wikidata
Aonad deluas Cuir in eagar ar Wikidata
Eapainmsnaidhm Cuir in eagar ar Wikidata
Tiontuithe aonad
In aonaid SI0.51444444444444 m/s Cuir in eagar ar Wikidata
In aonaid caighdeánacha1.852 km/h Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Muirmhíle". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 473.