Murray Gell-Mann

fisiceoir Meiriceánach

Fisicí teoiriciúil a rugadh i Nua-Eabhrac ab ea Murray Gell-Mann (15 Meán Fómhair 1929 - 24 Bealtaine 2019). I 1953 thug sé isteach coincheap an choimhthís, uimhir chandamach nua is gá a imchoimeád in aon idirghníomhú núicléach láidir idir buncháithníní. Bhain sé feidhm as an gcoimhthíos —mar a rinne Yuval Ne'eman, neamhspleách air — chun méasóin, núicléóin (prótóin is neodróin) agus hipearóin a rangú. Bhí siad in ann réamhinsintí a dhéanamh maidir le núicléis, ar an dóigh chéanna a ndearna Dmitri Mendeleev maidir leis na dúile le clár peiriadach na ndúl. Réamhinis sé an cáithnín óimige-míneas (ω-), agus braitheadh i dturgnaimh é i 1964. Le George Zweig, thug sé isteach coincheap an chuairc, gach ceann le trian de lucht an leictreoin agus uimhir baróin ar leith. 6 chuarc a réamhinis siad: íoschuarc, uaschuarc, cuarc coimhthíoch, briochtchuarc, bunchuarc, is barrchuarc. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice i 1969 as seo.[1]

Infotaula de personaMurray Gell-Mann

(2012) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith15 Meán Fómhair 1929
Manhattan Íochtair, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Bealtaine 2019
89 bliana d'aois
Santa Fe, New Mexico Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaRed Butte Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhalta boird Smithsonian Institution
31 Lúnasa 1974 – 1988 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Yale
Columbia Grammar & Preparatory School (en) Aistrigh
Ollscoil Yale
Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts
Jonathan Edwards College (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaVictor Weisskopf
Áit chónaitheStáit Aontaithe Mheiriceá
Gníomhaíocht
Réimse oibreFisic cháithníní agus fisic
Gairmscríbhneoir neamhfhicsin, taighdeoir, fisiceoir teoiriciúil, fisiceoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Chicago
California Institute of Technology Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidVictor Weisskopf agus Enrico Fermi
Mac/iníon léinnKenneth G. Wilson agus Sidney Coleman
TeangachaBéarla
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaSidney Coleman, Kenneth G. Wilson, James Hartle, Jon Mathews, Todd Andrew Brun, Cosmas Zachos, Philip Moss Platzman, Samuel Morris Berman, Carl Iddings, Henry Hoyt Hilton, Donald F. DuBois, Kenneth Young, Rod Crewther, Christopher T. Hill, William C. Davidon, Norman Dombey agus George Chapline, Jr. (en) Aistrigh
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileJ. Margaret Dow
Marcia Southwick Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Suíomh gréasáintuvalu.santafe.edu… Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: quark_king TED: murray_gell_mann Musicbrainz: ae86d0f5-a312-4b91-acc3-a5ddc9c73a95 Find a Grave: 199423923 Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Murray Gell-Mann". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 312.