Mynydd Hiraethog

ardchríoch agus sliabhraon

Is ceantar sléibhe é Mynydd Hiraethog (Béarla:Denbigh Moors ), idir 400m agus 500m den chuid is mó, idir Afon Conwy agus Afon Clwyd, i Sir Ddinbych agus i Sir Conwy.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachMynydd Hiraethog
Íomhá
CineálArdtalamh agus sliabhraon Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinConwy, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53°05′58″N 3°38′13″W / 53.099502°N 3.637033°W / 53.099502; -3.637033
Tréithe
Láithreán Sainspéise Eolaíochta▼

Is móinteán é, agus tá roinnt gleannta ag gearradh trasna air. Tá móinteach tiubh fraoch i gcodanna de Mynydd Hiraethog, rud atá fíor-annamh sa Bhreatain Bheag. Rinneadh an móinteach seo a bhainistiú le haghaidh fhoghlaeireacht cearc fraoigh sa chéad leath den 20ú haois, ach tá laghdú suntasach tagtha ar líon na gcearc fraoigh anseo anois. Cuimsíonn an chuid thoir de Mhynydd Hiraethog plandálacha foraoiseachta atá mar chuid d’fhoraois Coedwig Clocaenog, áit a bhfuil ceann de na pobail dheireanacha d’ioraí rua sa Bhreatain Bheag chomh maith.

Is é Mwdwl-eithin (532 méadar) an bhuaic is airde. Is buaic eile é Meol Seisiog (467 méadar) as a dtosaíonn uisce ón Afon Elwyag ag sileadh.

Tá clú is cáil ar an gceantar mar gheall ar iarsmaí réamhstairiúla, go háirithe ón gCré-Umhaois. Dealraíonn sé go raibh daonra suntasach ina gcónaí anseo sa tréimhse seo, nuair a bhí an aeráid beagán níos teo ná mar atá faoi láthair. Tá roinnt taiscumair anseo; is iad na cinn is mó ná Llyn Alwen, Llyn Brenig agus an taiscumar Chronfa Aled Isaf.

Tá fothracha lóiste seilge ar ardchríocha Mynydd Hiraethog, agus is féidir iad a fheiceáil ón mbóthar A543 in aice láimhe.

Beanna cuir in eagar

 
Sléibhte Mynydd Hiraethog
 
Moel Fenlli, Bryniau Clwyd.