Ábhair nádúrtha nó shaorga a chuireann isteach go sainiúil nó go hiomadúil ar an néarchóras. Samplaí is ea acainíteam a fhaightear ó acainít (agus nimh a d'úsáideadh trodairí in allód ar a gcuid gathanna is sleánna), piseánach a chuireann tús le lataireachas, comhdhúile orgánafosfaracha saorga (cosúil le néarghás), agus tocsainí de bhunús baictéarach, cosúil le tocsain teiteanais is tocsain Clostridium botulinium, ceann de na nimheanna is cumasaí ar eolas.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Néaratocsainí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 480.