Gné uathúil do chordaigh is ea an néarchorda droma, agus tá sé le fáil go príomha sa bhfofhíleam Vertebrata de chuid na gCordach. Níl sa néarchorda droma ach gné shuthach amháin atá uathúil do na cordaigh go léir. I measc na gceithre ghné eile sna cordaigh tá nótacorda, eireaball iaranasach, ionstíl, agus scoilteanna faraingeacha. Is corda toll ar chúl an nótacorda é an néarchorda droma. Tá sé déanta as cuid den eictideirm a rollaítear, agus a chruthaíonn an feadán toll. Tá sé seo tábhachtach, ós rud é go ndéanann sé idirdhealú ar chordaigh ó fhílim ainmhithe eile, mar shampla anailidí agus artrapóid, a bhfuil feadáin sholadacha tarracha acu. Tugtar ionfhaighniú ar an bpróiseas trína ndéantar é seo.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Vertebrates Comparative Anatomy, Function, Evolution" (2015). McGraw Hill Education.