Nós (iris)

iris Ghaeilge i bprionta agus ar líne
(Athsheolta ó Nós)

Is iris chultúir agus stíl mhaireachtála í NÓS a chlúdaíonn ceol, scannáin, taisteal, cúrsaí reatha, dearadh agus gníomhachas[1]. Seoladh an chéad eagrán ar an 17 Márta 2008 (Lá Fhéile Pádraig) le linn Sheachtain na Gaeilge.

Infotaula de publicacions periòdiquesNós

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáltréimhseachán
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Am tosaigh17 Márta 2008 Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Tomaí Ó Conghaile
Tréith
Príomhábharceol
EagarthóirConor Torbóid Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomhnos.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Tomaí Ó Conghaile, iar-leaseagarthóir le Lá Nua agus láithreoir le BBC Raidió Uladh, a bhunaigh NÓS agus bhí sé ina eagarthóir ar an iris ar feadh deich mbliana. Ceapadh Maitiú Ó Coimín mar eagarthóir i 2018 agus tháinig Conor Torbóid i gcomharbas air i 2023.[2]

Stair cuir in eagar

Lá Fhéile Pádraig 2008 a chuir Tomaí Rua Ó Conghaile an chéad eagrán den iris NÓS ar líne.[3] Foilsíodh an iris go míosúil, saor in aisce, ar an idirlíon ar dtús. Scaipeadh na chéad sé eagrán den iris mhíosúil a chuirtí le chéile i seomra suí an eagarthóra i mBéal Feirste go dtí gur aimsíodh tuairim is 400 síntiúsóir a thug an t-airgead a theastaigh leis an rud a chur i gcló den chéad uair i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2008. Scaipeadh é ar na meáin shóisialta a bhí ann ag an am – Bebo, MySpace agus an córas ríomhphoist.[3]

De réir a chéile bhí NÓS ar fáil i siopaí dála An Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath agus An Ceathrú Póilí i mBéal Feirste. Ansin tháinig an nuachtán Gaelscéal ar an saol agus bhí socrú ann NÓS a chur isteach mar fhorlíonadh uair sa mhí. Fuarthas maoiniú ó Fhoras na Gaeilge le leagan clóite a bhí níos téagartha a chur amach in 2012 agus bhí fáil ar an iris i siopaí móra ar nós Eason’s ar fud na hÉireann ar feadh trí bliana – ó 2012 go 2015. Bhí isteach is amach le míle cóip den iris chlóite á gceannach gach mí i gcaitheamh na mblianta sin.

I mblianta tosaigh na hirise bhíodh alt amháin fánach Béarla ann a dhéanann spochadh as an tslí a mbíonn ailt fhánacha Ghaeilge i roinnt de na nuachtáin Bhéarla.

Bhronn Foras na Gaeilge conradh nua orainn in 2014 le hiris ar líne a chur ar fáil. Tháinig méadú “mór millteach” ar líon na léitheoirí i ndiaidh don iris an suíomh nua idirlín a chur i bhfeidhm in 2015. Idir 2015-2023, bhí os cionn milliún cuairt tugtha ag 540,000 léitheoir ar NÓS ó foilsíodh na chéad ailt ar www.nos.ie ar an 15 Eanáir 2015.[3]

Ar an 1 Feabhra 2018, ghlac Maitiú Ó Coimín ról an eagarthóra.[4]

Sa bhliain 2023, ceapadh Conor Torbóid, Feirsteach, ina eagarthóir ar NÓS.[5]

Ábhar cuir in eagar

Is iomaí ábhar a scríobhann na hiriseoirí faoi, mar shampla cúrsaí reatha, gnéas, ceol, scannáin agus taisteal.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Gaelport". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-03-17. Dáta rochtana: 2018-03-17.
  2. NÓS (2023-10-06). "‘Ní mise amháin a bheas ar stiúir na hirise’ - Conor Torbóid ina eagarthóir nua ar NÓS" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2024-01-06.
  3. 3.0 3.1 3.2 "An iris chultúir NÓS ag ceiliúradh 15 bliain inniu" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-03-17). Dáta rochtana: 2023-10-12.
  4. "Iar-iriseoir le Tuairisc.ie ceaptha ina eagarthóir ar NÓS.ie" (ga-IE). Tuairisc.ie (2018-01-12). Dáta rochtana: 2023-10-12.
  5. NÓS (2023-10-06). "‘Ní mise amháin a bheas ar stiúir na hirise’ - Conor Torbóid ina eagarthóir nua ar NÓS" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-10-12.