Struchtúr slatchruthach a shíneann ar feadh an fhaid iomláin i gcolainn larbhaí is cuid de na cordaigh fhásta. Luíonn sé taobh thiar den phutóg is faoi bhun an néarchorda, agus tugann tacaíocht sholúbtha don cholainn. Cuirtear an colún veirteabrach ina ionad sa chuid is mó de na veirteabraigh, ach coinnítear é i rith a saoil in ainmhithe áirithe mara (mar shampla, cafalacordaigh is loimprí).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Nótacorda". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 488.