Is é is núicléón ann ná cáithnín núicléach, nó cáithnín fo-adamhach den chineál atá le fáil i núicléas an adaimh. Tá dhá chineál núicléón ann, mar atá, an prótón agus an neodrón. Baróin is ea iad, is é sin, cáithníní atá comhdhéanta as trí chuarc. Go dtí na seascaidí, ba nós a shíleadh gur buncháithníní a bhí iontu, agus nach bhféadfaí struchtúr inmheánach a aithint iontu. Inniu, tá a fhios ag na saineolaithe go bhfuil cuarcanna ann, agus iad á ngreamú dá chéile ag na glúóin.

Bosca Sonraí CáithnínNúicléón
RangúN-barón Cuir in eagar ar Wikidata
Comhdhéanamhcuarc Cuir in eagar ar Wikidata
idirghníomhaíochtaíidirghníomhú leictreamaighnéadach, idirghníomhú lag, idirghníomhú láidir agus imtharraingt Cuir in eagar ar Wikidata
Frithcháithnínfrithnúicléón Cuir in eagar ar Wikidata
Guairne0.5 Cuir in eagar ar Wikidata

Tá na núicléóin féin á gcoinneáil le chéile i núicléas an adaimh ag na fórsaí núicléacha. Sna laethanta a bhí, ba nós "idirghníomhaíocht láidir" a thabhairt ar na fórsaí seo, ach is é an tuiscint atá ag na fisiceoirí inniu gur fearr a rá gurb í an idirghníomhaíocht idir na cuarcanna agus na glúóin an "idirghníomhaíocht láidir". Is í an chrómaidinimic chandamach an teoiric is nua-aimseartha le taighde a dhéanamh ar an idirghníomhaíocht láidir le saintréithe na núicléón a mhíniú.

Is é an prótón an barón is éadroime atá ann, agus is í cobhsaíocht an phrótóin atá ina miosúr ar imchoimeád na huimhreach barónaí. Cuireann cobhsaíocht an phrótóin diansrianta leis na teoiricí tuairimíochta atá ag iarraidh samhail chaighdeánach na fisice cáithníní a fhairsingiú. Is dual don neodrón meath lag a theacht air, ionas go n-iompóidh sé ina phrótón, rud is cúis leis an radaighníomhach.