Naomh Bríd

ban-ab agus naomh Éireannach

Is naomh í Bríd (c. 451 – c. 1 Feabhra 525). Rugadh i gContae Lú í agus fuair sí bás i gCill Dara.[1]

Infotaula de personaNaomh Bríd

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Naomh Bhríde
Beathaisnéis
Breith451
Fochaird Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Feabhra 523
71/72 bliana d'aois
Cill Dara Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaDún Pádraig Cuir in eagar ar Wikidata
Ban-ab
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCríostaíocht Cheilteach
Gníomhaíocht
Réimse oibreAn Chríostaíocht agus monastic life (en) Aistrigh
Gairmbean rialta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn tSean-Ghaeilge
Ardú
Lá féile1 Feabhra Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: BrigidofKildare Instagram: saintbrigid_yyc Discogs: 3582861 Cuir in eagar ar Wikidata
Bríd na Briotáine, timpeall 100 AD[2][3]

Bandia cuir in eagar

Ba bhandia ag na Ceiltigh í Bríd (Sean-Ghaeilge: Brigit). Breathnaíodh ar an mbandia Bríd mar mháthair ar gach rud agus bhí baint aici leis an talamh, leis an aer, le tine agus le huisce. Bhí torthúlacht ag baint léi freisin.

Naomh cuir in eagar

Is í Bríd éarlamh baineann na hÉireann. Tugtar Bríd Naofa agus Banríon na nGael uirthi i measc Críostaithe na hÉireann ach is sine Bríd ná an Chríostaíocht féin.

Tá traidisiún ann go raibh Bríd oirnithe mar easpag de thaisme naofa agus d’éirigh colún ar lasrach óna cinn nuair a bhí sí oirnithe.  Is clúiteach í as ucht a dea-chroí freisin.[4] Tá toibreacha Bhríde ar fud na tíre.

Féilire cuir in eagar

Príomhalt: Lá Fhéile Bríde

Ceaptar gur ar an 1 Feabhra a fuair Naomh Bríd bás agus mar sin déantar ceiliúradh uirthi ar an lá seo. Is é an 1 Feabhra tús an earraigh san fhéilire Éireannach chomh maith.

Rannta cuir in eagar

Tá rannta agus paidreacha ann go bhfuil bainteach le Naomh Bríd.[5]

Rann

Ó lá le Bríde amach

bíonn na héin ag déanamh nead,

bíonn na caoire ag breith na n-uan,

is an lá ag dul i bhfad.

Gailearaí cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Gabrielle Bean Uí Dhomhnaill agus Eanna Ní Lamhna. "Clóca Naomh Bríd – An Siopa Leabhar". www.siopaleabhar.com. Dáta rochtana: 2023-02-01.
  2. "Brigitte du Ménez Hom" (as fr) (2021-02-01). Wikipédia. 
  3. "Déesse du Menez-Hom" (fr). www.collections.musee-bretagne.fr. Dáta rochtana: 2021-02-02.
  4. Bethu Brigte: http://www.ucc.ie/celt/published/T201002/index.html
  5. "Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) | Bailiúchán na Scol" (ga). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2023-02-01.