Naomh den 6ú haois ba ea é Mac Dara, ina phátrún ag pobal Mhaírois agus ag na hiascairí áitiúla i gConamara Theas.[1] Tugtar Mac Dara fós mar ainm ar go leor páistí sa bparóiste mar gheall ar an naomh.[2]

Infotaula de personaNaomh Macdara
Ardú
Oileán Mhic Dara

Thóg Mac Dara teampall ar oileán amach ón Más (Carna), inniu Oileán Mhic Dara i bparóiste Mhaírois – anois paróiste Charna. Bhí séipéal beag ann, a raibh ceann cloch air, agus thóg na haingil é in aon oíche amháin, deirtear. Ceaptar go bhfuil an Naomh curtha san oileán. Tá fothraigh an teampaill sin ina seasamh fós agus tá tobar beannaithe an Naoimh san oileán freisin.[3]

Tá an-mhuinín ag na daoine as an naomh i gcónaí, go mór mór lucht farraige.[4] Is iomaí scéal ata ann faoin gcaoi ar shábháil Mac Dara iascairí a bhí i mbaol ar farraige.

bíonn rásaí báid ann

Lá Mhic Dara cuir in eagar

Ceiliúrtar Lá Fhéile Mhic Dara (nó Lá Mhic Dara) ar an 16 Iúil.[5] Is nós le bádóirí an cheantair na seoltaí a ísliú trí huaire agus iad ag dul thar Oileán Mhic Dara in ómós don naomh. Go traidisiúnta, téann na céadta isteach ar an oileán ar an lá seo gach bliain don aifreann, agus ansin níos deireanaí bíonn rásaí báid ann, agus craic agus ceiliúradh ar an mórthír.[6]

 

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. duchas.ie. "Naomh Mac Dara" (ga). Dáta rochtana: 2020-07-16.
  2. Máire Ní Fhinneadha. "Ó Dhúchas: Lá Mhic Dara" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-07-16.
  3. "Naomh Mac Dara" (en). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2020-07-16.
  4. Seosamh Ó Cuaig. "Mac Dara, naomhphátrún pharóiste Mhaírois á cheiliúradh inniu" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-07-16.
  5. Rev Fintan Monahan (2016-07-13). "Lá Mhic Dara" (en-US). Archdiocese of Tuam. Dáta rochtana: 2020-07-16.
  6. "Iris Aniar | RTÉ Presspack". presspack.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-07-16.