Naomh darbh ainm Vailintín as a ainmnítear an fhéile Lá Fhéile Vailintín. Bhíodh scata de mhairtírigh luatha Chríostaí a raibh Vailintín mar ainm orthu. De réir an tseanchais, bhunaigh an Pápa Gelasius I an fhéile sa bhliain AD 496.

Infotaula de personaNaomh Vailintín

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith175 (>176)
Terni Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Feabhra 273 (Féilire Ghréagóra) (>14 Feabhra 269)
97/98 bliana d'aois
An Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDícheannadh
Easpag
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Gairmdochtúir leighis Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaImpireacht na Róimhe
Ardú
Lá féile14 Feabhra Cuir in eagar ar Wikidata

Sagart ba ea Vailintín, a cuireadh chun bháis i ngéarleanúint an Impire Dhióicléitiánas i ndeireadh na tríú haoise.[1] Deirtear go bhfuair sé bás ar 14ú Feabhra. Cuireadh é sna catacómaí na Róimhe.

Bhronn an Pápa Gréagóir XVI cnámha Vailintín ar an sagart Éireannach Cairmilíteach, an tAthair John Spratt sa naoú haois déag. Tá siad le feiscint inniu i séipéal Sráid na mBráthair Bán i mBaile Átha Cliath.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Persecution of Christians" (as en) (2022-02-08). Wikipedia. 
  2. "The Shrine of Saint Valentine" (en-GB). Carmelites (2022-02-11). Dáta rochtana: 2022-02-14.