Is nasc ceimiceach é nasc comhfhiúsach atá déanta de leictreoin riartha idir adaimh. Tugtar dís chomhroinnte nó dís nascach ar na leictreoin seo, agus tugtar nascadh comhfhiúsach ar chothromaíocht chobhsaí na bhfórsaí aomtha agus éartha idir adaimh, nuair a roinneann siad leictreoin. I gcás go leor móilíní, tugann comhroinnt leictreon deis do gach adamh sceall seachtrach iomlán a bhaint amach, a fhreagraíonn do chumraíocht leictreonach chobhsaí. Sa cheimic orgánach, tá naisc chomhfhiúsacha i bhfad níos coitianta ná naisc ianacha.

Nasc comhfhiúsach a fhoirmíonn H 2 (ar dheis) ina bhfuil péire leictreon a riaradh idir dhá adamh

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar