Sa cheimic, is éard atá i nasc singil ann ná nasc ceimiceach idir dhá adamh ina bhfuil dhá fhiúsleictreon. Is é sin, is i bpéirí a roinntear na leictreoin a riartasr idir dhá adamh.[1] Dá bhrí sin, is cineál nasc comhfhiúsach é nasc singil. Gintear gnáthnasc comhfhiúsach de bharr dísiú de leictreon amháin d'adamh amháin le leictreon amháin d'adamh eile. Nuair a fhorluíonn siad ar a chéile, meascann siad i gcaoi go ngintear fithiseán nua idir an dá adamh. Tugtar fithiseán móilíneach nascach ar an bhfithiseán nua sin. Cur i gcás, i ndéanmhaíocht an naisc H-H forluíonn na fithiseáin adamhacha ar a chéile i dtosach agus ansin meascann siad chun fithisean móilíneach a dhéanamh. Mar struchtúr Lewis, tugtar nasc singil mar AːA nó A-A a léiríonn A ina dúil (Moore, Stanitski, agus Jurs 329). Sa chéad leagan, is ionann gach ponc agus leictreon riartha, agus sa dara leagan, is ionann an nasc agus an dá leictreon atá riartha sa nasc singil.

Lewis structure for molecular hydrogen.
Struchtúr Lewis maidir le hidrigin mhóilíneach. Tabhair faoi deara íomhá den nasc singil.
Lewis structure for methane.
Struchtúr Lewis don mheatán. Tabhair faoi deara an léiriú ar na ceithre nasc singil idir na hadaimh charbóin agus hidrigine.
Lewis structure for an alkane.
Struchtúr Lewis d’ alcán. Tabhair faoi deara gur naisc chomhfhiúsacha singile iad na naisc go léir.

Tagairtí cuir in eagar