Sa cheimic, thugtar nascfhuinneamh (NF) nó nasceantalpacht mheánach, ar an bhfuinneamh is gá chun móilíní d'adaimh atá nasctha go comhfhiúsach a dhíthiomsú go hadaimh aonaracha. Sainmhíníonn Aontas Idirnáisiúnta na Glan-Cheimice agus na Ceimice Feidhmí (AIGCF nó sa Bhéarla IUPAC) nascfhuinneamh mar mheánluach an ghásphas den nascfhuinneamh díthiomsúcháin (ag teocht 298.15 K de ghnáth) do gach nasc den chineál céanna laistigh den speiceas ceimiceach céanna.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nascfhuinneamh. Lth 214, Ceimic Bhúnach 1, Oifig an tSoláthair. 1975