Is é Near FM an stáisiún raidió pobail á fhreastalaíonn ar Chathair Bhaile Átha Cliath Thoir-Thuaidh in Éirinn. Tá sé lonnaithe in Ionad Cathartha an Taoibh Thuaidh sa Chúlóg. Tá an stáisiún le cloisteáil ar 90.3 FM i mBaile Átha Cliath Thoir-Thuaidh agus le fáil timpeall na cruinne ar an idirlín. Tá Near FM mar chuid den gComharchumann Near agus is leis an comharchumann Near TV Productions agus na tionscadail Near Online, Near Drama, Near Records, Near Choice agus Near Archive freisin.

Bosca Sonraí EagraíochtaNear FM
Sonraí
Cineálstáisiún raidió Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinnearfm.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Tá Near FM suite san Ionad Saoránach Thuaisceart na Cathrach sa Chúlóg
Veain Near FM

Bunaíodh an stáisiúin i 1995. Tá nascanna ag an stáisiún le Coláiste Dhúlaigh, Coláiste Breisoideachais agus le a lán eagraíochtaí eile sa phobail áitiúla i mBaile Átha Cliath Thoir-Thuaidh agus tá siad oscailte do chách sa chuid seo den chathair. Is ball bunaidh de CRAOL, Fóram Raidió Pobail na hÉireann é Near FM.


Ceantair ina bhfuil saincheadúnas ag Near FM chun craoladh cuir in eagar

An Chúlóg, Bán an Aeir, An Choill Mhór Thiar, An Port Thoir, An Sruthán Aoibhinn, Ard Aidhin, Baile Bocht, Baile Dúill, Baile Hearmann, Baile Munna, Beaumont, Cill Bharróg, Cill Easra, Cluain Tarbh, Cnocán Doirinne, Darndál, Domhnach Cearna, Domhnach Míde, Droim Conrach, Éadan Mór, Fionnbhrú, Fionnradharc, Glas Naíon, Ráth Eanaigh, Seantrabh.

Uaireanta chraolacháin cuir in eagar

24 uair le haghaidh an lae.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar