Ned Maddrell

iascaire Manannach

Ba é Edward "Ned" Maddrell (187727 Nollaig 1974) cainteoir dúchais deireanach Ghaeilge Mhanann.[1] B'iascaire ó Oileán Mhanann é agus tar éis do Sage Kinvig (ca. 1870-1962) bás a fháil, bhí sé ar an aon duine ar marthain a raibh Manainnis ón gcliabhán aige. Bhí cainteoirí eile Manainnise ann ag an am, áfach, a d'fhoghlaim an teanga mar dhara teanga nuair a tháinig siad i méadaíocht.

Infotaula de personaNed Maddrell

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Lúnasa 1877
Creneash, Oileán Mhanann, i ngar dó Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Nollaig 1974
97 bliana d'aois
Creneash, Oileán Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisGaeilge Mhanann agus Béarla
Gníomhaíocht
Gairmiascaire Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus Gaeilge Mhanann

Rinneadh taifeadtaí de Maddrell ag caint as Manainnis; mar shampla sa bhliain 1948 thaifead sé an scéilín seo a leanas i dtaobh iascaireachta (i nGaeilge Mhanann, le "haistriúchán" i nGaeilge na hÉireann):

Dooyrt "Ballooilley" rish:
Dúirt "Ballooilley" leis:
"Vel ny partanyn snaue, Joe?"
"An bhfuil na portáin ag snámh, a Joe?"
"Cha nel monney, cha nel monney," dooyrt Joe. "T'ad feer ghoan."
"Níl mórán, níl mórán," a dúirt Joe. "Tá siad fíorghann."[2]

Murab ionann agus roinnt cainteoirí dúchais eile, thaitin sé le Maddrell go raibh cáil air mar dhuine de chainteoirí deireanacha na teanga. Bhí sé sásta an teanga a mhúineadh d'athbheochantóirí óga na Manainnise — Leslie Quirk agus Brian Stowell ina measc. Nuair a bhí sé ina Thaoiseach ag tabhairt cuairte ar Oileán Mhanann, chuaigh Éamon de Valera féin ar cuairt chuig Maddrell. Bhí sé i bhfeirg le rialtas Mhanann agus le rialtas na Ríochta Aontaithe mar gheall ar a bhfaillí i leith na Manainnise. Chuir sé foireann ó Choimisiún Béaloideasa Éireann go hOileán Mhanann lena raibh fágtha den teanga agus dá béalaoideas a thaifeadadh agus a chaomhnú ar bhealach éigin.

Tagairtí cuir in eagar