Nell Ní Chróinín

amhránaí

Amhránaí sean-nóis as Gaeltacht Mhúscraí, Contae Chorcaí is ea Nell Ní Chróinín (a rugadh sa bhliain 1990).

Infotaula de personaNell Ní Chróinín

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1990
33/34 bliana d'aois
Contae Chorcaí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, oideoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2005 –
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
UirlisCeol gutha
Gradam a fuarthas

Twitter: nell_ni_ch Musicbrainz: 076d5d3e-d878-4fbe-af56-1924f70bbf4e Cuir in eagar ar Wikidata

Sean-Nós cuir in eagar

As an gCoill Mhór, Béal Átha an Ghaorthaidh, ach de shliocht Chúil Aodha is ea Nell Ní Chróinín.[1] D’fhreastail sí ar a céad Oireachtas nuair a bhí sí deich mbliana d’aois.

Is léir gur spreag an tOireachtas a suim sa sean-nós agus sise ina cailín óg: “Is de thoradh an Oireachtais gur tugadh an deis domsa casadh le cuid de na hamhránaithe, rinceoirí, filí, cumadóirí agus carachtair mhóra atá imithe uainn anois ar shlí na fírinne”.[2]

Sa bhliain ina dhiaidh sin, thosaigh Nell féin ag canadh, agus chuaigh amhránaithe áitiúla cosúil le Máire Ní Chéilleachair agus Eoiní Maidhcí Ó Suilleabháin i bhfeidhm go mór uirthi.[3] D’éirigh go han-mhaith léi i gcomórtais amhránaíochta as sin amach, agus bhuaigh sí duais Fhleadh Cheoil na hÉireann faoi dhó ina catagóir aoise sna blianta 2005 agus 2006.

Sa bhliain 2008, fuair Nell bonn sa chomórtas Oireachtais d’amhránaithe faoi 35 bliana d’aois (Corn Cuimhneacháin Sheáin Óig Uí Thuama). Ghnóthaigh sí an chéad áit sa chomórtas céanna sa bhliain 2010.

Cháiligh an bua sin í don chomórtas a dtugtar "Comórtas na mBan" air, ‘Corn Phádraig Mhic an Rí’, comórtas a bhuaigh sí an bhliain sin.

Mar thoradh ar bhua Nell i gComórtas na mBan, bhain sí áit amach i gCorn Uí Riada, príomh-chomórtas an Oireachtais, don bhliain 2011. Ghlac sí páirt, ag canadh ‘Cath Chéim an Fhia’ agus ‘An Cailín Aerach’, ach bhuaigh Jimmy Ó Ceannabháin an comórtas.

Sa bhliain 2014, bhain sí an chéad áit i gcomórtas Chorn Uí Riada.

TG4 cuir in eagar

I gcaitheamh na mblianta, bhí Nell Ní Chróinín le feiscint ar mórchuid cláracha teilifíse mar aoi-amhránaí.

Bhí sí le feiceáil sa tsraith TG4,

Oideachas agus Obair cuir in eagar

Rinne sí staidéar i gColáiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh, agus bhain sí céim amach san Oideachas (B.Ed.) sa bhliain 2010.[6] I láthair na huaire, tá sí ag múineadh i nGaelscoil Uí Drisceoil, Dún Citil, Gleann Maghair, Co Chorcaí.

Duaiseanna cuir in eagar

  • 2005
    • Fleadh Cheoil na hÉireann - Amhrán Gaeilge Mná (12-15 d’aois) (1ú áit)
  • 2006
    • Fleadh Cheoil na hÉireann - Amhrán Gaeilge Mná (15-18 d’aois) (1ú áit)
  • 2008
    • An tOireachtas - Corn Cuimhneacháin Sheáin Óig Uí Thuama (Comórtas Sean-Nóis faoi 35) (2ú háit)
  • 2010
    • An tOireachtas - Corn Cuimhneacháin Sheáin Óig Uí Thuama (Comórtas Sean-Nóis faoi 35) (1ú áit)
    • An tOireachtas - Corn Phádraig Mhic an Rí (Amhránaíocht ar an Sean-Nós do Mhná) (1ú áit)
    • An tOireachtas - Lúibíní ‘Duais speisialta €400 do bheirt nár bhain ceachtar acu duais sa chomórtas seo cheana’ (i bpáirt le hEibhlís Ní Shúilleabháin)
  • 2014
    • An tOireachtas - Corn Uí Riada (1ú áit)

Físeanna cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-08-01. Dáta rochtana: 2012-01-17.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-11-21. Dáta rochtana: 2012-01-17.
  3. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-10-29. Dáta rochtana: 2012-01-17.
  4. Nell Ní Chróinín agus í an-óg ar Abair Amhrán
  5. Nell Ní Chróinín - An Lacha Bacach (Geantraí 2007 www.tg4.ie)
  6. http://friends.mic.ie/?page=Oireachtas2010