Is é Newark an chathair is mó i stát New Jersey i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Priomhbhaile Chontae Essex atá ann chomh maith. Tá an chathair suite i ngar do Chathair Nua-Eabhrac, timpeall ocht míle slí (13 km) siar ó Manhattan agus 2 mhíle slí (3.2 km) ó thuaidh ó Oileán Staten. Níl Newark rófhada ón Aigéan Atlantach ach oiread. Tá Port Newark, calafort na cathrach, suite ar Bhá Newark, áit atá nasctha le Cuan Nua-Eabhrac. Láimhseáiltear níos mó coimeadán lasta ann ná in aon áit eile sa réigiún uirbeach sin. Tá roinnt comhlachtaí móra lonnaithe i Newark, leithéidí Prudential Financial, comlacht árachais. Tá Newark Liberty International Airport ar cheann de na trí aerfort mhóra i réigiún uirbeach Nua-Eabhrac agus ar an gceann is sine díobh. Is í "Cathair na mBrící" (The Brick City) leasainm na cathrach.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilNewark, New Jersey
Newark (en) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósNewark-on-Trent Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 40°44′07″N 74°11′06″W / 40.7353°N 74.185°W / 40.7353; -74.185
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheNua-Gheirsí
Contae de chuid Nua-GheirsíContae Essex Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán311,549 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús4,647.16 hab./km²
Líon na dteaghlach102,195 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighMórcheantar Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla67.040795 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce7.3545 % Cuir in eagar ar Wikidata
Airde3 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1625
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Newark, Nua-Gheirsí Cuir in eagar ar WikidataRas Baraka (2014–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist07100–07199, 7100, 7102, 7105, 7107, 7110, 7111, 7112, 7114, 7115, 7117, 7120, 7123, 7124, 7126, 7130, 7131, 7135, 7138, 7141, 7144, 7146, 7147, 7149, 7153, 7154, 7155, 7157, 7161, 7164, 7166, 7168, 7172, 7173, 7175, 7179, 7182, 7184, 7188, 7191, 7194 agus 7197 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód973 agus 862 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinnewarknj.gov Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Bunaíodh Newark sa bhliain 1666 nuair a lonnaigh grúpa Piúratánach ann faoi cheannas Robert Treat. B'as Coilíneacht New Haven in Connecticut dóibh. Tharla seo dhá bhliain tar éis do na Sasanaigh an réigiún a bhaint de na hOllannaigh. D’fhás an chathair go mór sa 19ú haois agus sa chéad leath den 20ú haois mar gheall ar bhorradh na tionsclaíochta.

Sa dara leath den 20ú haois tháinig meath suntasach ar an chathair agus an tionsclaíocht ag dul i léig. Chuaigh fadhbanna ciníocha in olcas, go háirithe sna 1960í agus sna 1970í, agus sa bhliain 1967 bhí círéibí i gcomharsanachtaí bochta gorma. Fuair sé dhuine is fiche bás iontu agus scriosadh na céadta gnólacht. D’imigh an mheánaicme, idir ghorm agus bhán, de réir a chéile, agus aghaidh a bhformhóir ar na fo-bhailte. Laghdaigh an daonra ó 442,337 sa bhliain 1930 go dtí 405,220 sa bhliain 1960, agus go dtí 273,546 sa bhliain 2000. Leagadh roinnt bloic mhóra árasán sa dara chuid den tréimhse seo.

Thosaigh feabhas ag teacht ar Newark sna 1990í. Sa bhliain 2006 tháinig beocht i stiúradh na cathrach nuair a toghadh Cory Booker mar mhéara, cé go bhfuil méid mór coireanna á ndéanamh fós. De réir mheastachán Bhiúró an Daonáirimh, bhí 278,980 duine sa chathair sa bhliain 2008.