Niall Caille

rí Éireannach

Ard-Rí na hÉireann ba ea Niall mac Aodha (Sean-Ghaeilge Níall mac Áeda (bás 846), ar a glaodh Niall Caille (Níall Caille) air, um é a aithint óna gharmhac, Niall Glúindhubh mac Aodha (bás 917).

Infotaula de personaNiall Caille
Beathaisnéis
Breith9 haois
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás846

Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháis
Ardrí na hÉireann
833 – 846
← Conchobar mac DonnchadaMáel Sechnaill mac Máele Ruanaid → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachCineál Eoghain Cuir in eagar ar Wikidata
CéileTeresa d'Aviz Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteÁed Findliath, Flaithbertach, Oengus (?), iníon anaithnid (?) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairÁed Oirdnide  agus Maedhbh (?)

Tosca cuir in eagar

Ba bhall é Niall de Chineál Eoghain, géag d'Uí Néill an Tuaiscirt, dream a bhí i gceannas ar mórchuid na tíre. IarArd-Rí Aodh mac Néill (bás 819), ar a glaodh Aodha Oirdní air, ba ea a athair. De réir an 12th century Bhanseanchais den 12ú haois, Maebh iníon Indreachtaigh mhic Mhuiredaigh, de mhuintir Uí Briúin ba gConnacht, ba ea a mháthair.[1]

 
Dreamanna agus ríochtaí in Éirinn luathChríostaí.[2]

Dáileadh an t-ard-ríogacht idir Cineál Eoghain agus Clann Cholmáin d'Uí Néill an Deiscirt. Nuair a fuair athair Néill bás, tháinig Conchúr mac Donnchadha de Chlann Cholmáin i gcomharbacht air. Bhí athair Donnchadha, Donnchadh na Mí ina Ard-rí roimh Aodh. Níor tháinig Niall díreach i gceannas ar Chineál Eoghain tar éis bhás a athar, óir gur toghadh a chol seisear, Murchadh mac Maoil Dúin mar [[rí Ailig. Níorbh é go dtí an bhliain 823 gur cuireadh Murchadh as a choróin, agus rinneadh rí Ailigh de Niall.[3][4][5][6][7]

Rí Ailigh cuir in eagar

Sa bhliain 827, tharla achrann sa chomhluadar ag Ard Mhacha, agus tharla cogadh dá bharr. De réir Annála na gCeithre Máistrí, chuir Cumascach mac Cathail Uí Chriomhthainn, rí Oiriall, an ruaig ar athair faoistine Néill, Eoghan Mainistrech. D'insealbhaigh sé mar abb a leasdeartháir féin, Airtrí mac Conchúir, mac an Ard-Rí, Conchúr mac Donnchadha, a mheastar. I Annála Uladh don bhliain 825, deirtear gurbh Easpag Ard Mhacha é Airtrí, nuair a chuir seisean agus Feilimí mac Criomhthainn, rí na Mumhan, Cáin Phádraig i bhfeidhm sa Chonnacht, rud a chuir in iúl gur abb gníomhach é.[8]

Thug Niall slua de Chineál Eoghain agus Cineál Chonaill agus rinne ionsaí ar Ard Mhacha. Tháinig Cumascach agus na hOirialla, i dteannta le Muireadach mac Eochadha, rí na nUladh ina éadan. De réir Annála na gCeithre Máistrí, mhair Cath Leath Cam (gar don Chill Mhór) le trí sheachtain. Bua decisive a bhí ann do Niall agus northern Uí Néill an Tuaiscirt. Maraíodh Cumascach agus a dheartháir Congalach, agus, a deir Annála Uladh, go leor ríthe na nOiriall eile. Baineadh a gcumhacht óna hOirialla mar thoradh na treascartha, a bhí faoi smacht ríthe Uí Néill an Tuaiscirt as sin amach. Briseadh Airtrí as oifig, agus d'insealbhaigh Niall is dóigh Eoghan Mainistreach ina ionad, óir go nglaoitear Abb Ard Mhacha air ina thásc i nAnnála Uladh don bhliain 834.[9]

Rí na Teamhrach cuir in eagar

Rinneadh Ard-Rí de Niall tar éis bhás Chonchúir mhic Donnchadha sa bhliain 833. Bhí tús maith aice ina réimeas, le bua in éadan Lochlannach a bhí i mbinn Doire á chreachafh acu. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé ar feachtas in éadan na Laigean sa bhliain 835, agus d'ordaigh sé mar orthu Bran mac Faoláin Uí Dúnlainge.[10] An bhliain chéanna, rinne sé ionsaí ar Uí Néill an Deiscirt agus scrios sé an tuath ó dheas go dtí Contae Uíbh Fhailí mar atá inniu ann.[11]

An bhliain dár gcionn, 836, bhí comhrac idir Niall agus rí na Mumhan, Feilimí mac Criomhthainn. Rinne Feilimí, idir rí agus easpag, ionsaí ar Chill Dara agus ghabh sé Forindán, abb Ard Mhacha. Cé gurbh fhéidir é gur dhúshlán é seo do Niall, tugann Benjamin Hudson faoi ndeara gur tháinig Forindán in áit Diarmada uí Thiarnáin an bhliain roimhe sin, agus ní léir é cé acu a bhí Niall féin i mbun tacaithe.

Sa bhliain 838, bhuail Niall agus Feilimí le chéile ag rídháil'l ah Cluain Conaire sin ní ag Cluain Fearta. Maíonn foinsí deisceartacha amhail is Annála Inis Faithlinn gur aithin Niall Feilimí mar Ard-Rí, ach ní thuairiscíonn foinsí tuaisceartacha amhail is Annála Uladh ach an dáil gan sonraí sa bhreis.[12][13][14][15]

Pé ar bith aontuithe a rinneadh ag an rídháil, they did not end the conflict between Feidlimid and Niall. Sa bhliain 840, chuaigh Feilimí i gceannas airm chuig Cnoc na Teamhrach, agus rinne campa ann. Rinne Niall idir an dá linn ionsaí eile i nUíbh Fhailí isteach, chun an bonn a bhaint ó thacaíocht d'Fheilimí ann. Níor tharla Cath issue an bheirt go dtí an bhliain 841 ag Mag nÓchtair, gar do Chluain Conaire, agus bhuaigh Niall. Tá dán ann i nAnnála Uladh a deir:

Bachall Fheidlimidh fighligh[16]
fo-racbadh isna draighnibh;
dos-fuc Niall co nert n-atha
a cert in catha claidhmigh.
Bachall Fheilimí dhiaganta
fágadh sna draighin;
thóg Niall, go neart chatha,
a cheart i gcath claimhte.

Cé go raibh Feilimí i réim le cúig bliana níos mó, d'éag sé de ghalar b'fhéidir sa bhliain 847, gan feachtas eile déanta eile sa tuaisceart.

Cé go ndeachaigh Niall i ngleic leis na Lochlannaigh ina chríocha féin sa tuaisceart, is aghaidh ndéana sé a leithéid sa deisceart. Le linn a réimis, bhí na Lochlannaigh gníomhach in oirthear agus lár na tíre. Lonnaigh siad gar d'Áth Cliath, ach ag Loch nEathach fosta. Chloígh Niall na Lochlannaigh at Mag nÍtha, i gContae Dhún na nGall an lár inniu, sa bhliain 845.

An bhliain i ndiaidh sin, bhádh Niall sa Challainn gar d'Ard Mhacha, agus dá bharr a leasainm. Adhlacadh é i nArd Mhacha féin. Tháinig Maol Seachnaill mac Maoil Rúnaí de Chlann Cholmáin i gcomharbacht ar Niall mar Ard-Rí.

Teaghlach cuir in eagar

Bhí Niall pósta le Gormflaith ingen Donncadha. Fuair sí bás sa bhliain 861 agus deirtear ina tásc i nAnnála Uladh gurbh í "banríon is áille na nGael".[17] I measc páistí Néill, tá a leanas:[18]

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hudson, "Niall mac Áeda".
  2. Féach Duffy, Atlas of Irish History, ll. 18–19.
  3. Hudson, "Niall mac Áeda"
  4. Byrne, Irish Kings and High Kings, ll. 221, 276 & 284
  5. Charles-Edwards
  6. Moody, Martin & Byrne (eag), New History of Ireland, Imleabhar IX, lch. 194
  7. AU 823.7
  8. Hudson, Charles-Edwards, Byrne, AU
  9. Hudson, Charles-Edwards, Byrne, AU 834, Woolf
  10. AU 835.1
  11. Moody, Martin & Byrne (eag.), New History of Ireland, Imleabhar IX
  12. Byrne
  13. Charles-Edwards
  14. ODNB Feidlimid
  15. Hudson.
  16. [dil.ie/43351 figlech], diaganta, ar eDIL
  17. AU 861.2, "amenissima regina Scotorum"
  18. Hudson.


Teimpléad:S-houTeimpléad:S-reg
Réamhtheachtaí
{{{roimh}}}
{{{teideal}}} Comharba
{{{tar éis}}}
Réamhtheachtaí
{{{roimh}}}
{{{teideal}}} Comharba
{{{tar éis}}}