Niall Mòr MacMuireadhaigh

Bhí Niall Mòr MacMuireadhaigh (nó MacMhuirich) (c.1550-tar éis 1613) ar dhuine de na filí is déanaí a bhain le Chlann Mhuirich (sliocht an fhile chlúitigh Muireadhach Albanach Ó Dálaigh). Tháinig ceithre cinn dá chuid dánta anuas chugainn agus an dán grá aithnidiúil ‘Soraidh slán don oidhche a réir’ ina measc.

Infotaula de personaNiall Mòr MacMuireadhaigh
Beathaisnéis
Breithc. 1550
Básc. 1613
62/63 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, file Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFilíocht
TeangachaGaeilge na hAlban
Soraidh slán don oidhche a-réir,
fada géar a dul ar gcúl;
dá ndáiltí mo chur i gcroich,
is truagh nach í a-nocht a tús...

De réir sheanchas an teaghlaigh, bhí ocht nginealach déag idir Niall Mòr agus Muireadhach Albanach, a tháinig go hAlbain breis is trí chéad bliain roimhe sin.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

An Leabhar Mór: Téacs iomlán "Soraidh slán don oidhche a-réir".[nasc briste go buan]