Nikki Haley

polaiteoir Meiriceánach

Iarionadaí na Stát Aontaithe ag na Náisiúin Aontaithe is ea Nikki Haley, a rugadh mar Nimrata "Nikki" Randhawa ar 20 Eanáir 1972.[1][2] Tá sí ina ball den Pháirtí Phoblachtach agus i bhfad amach ar an eite dheis. Ba ghobharnóir ar Carolina Theas í ó 2011 go 2017. Ambasadóir na Stát Aontaithe chuig na Náisiúin Aontaithe a bhí inti sna blianta 2017–2018.

Infotaula de personaNikki Haley

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en-in) Nimarata Nikki Randhawa
20 Eanáir 1972
52 bliana d'aois
Bamberg, South Carolina Cuir in eagar ar Wikidata
29 Ambasadóir na Stát Aontaithe chun na Náisiúin Aontaithe
27 Eanáir 2017 – 31 Nollaig 2018
← Michele J. SisonJonathan Cohen (en) Aistrigh →
Ceaptha ag: Donald Trump
Gobharnóir Carolina Theas
12 Eanáir 2011 – 24 Eanáir 2017
← Mark SanfordHenry McMaster →
Ball de Theach Ionadaithe Carolina Theas
11 Eanáir 2005 – 11 Eanáir 2011
← Larry Koon Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnModhachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOrangeburg Preparatory Schools, Inc. (en) Aistrigh (–1989)
Ollscoil Clemson - accounting and finance (en) Aistrigh (–1994) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, taidhleoir, duine den lucht gnó Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Poblachtach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileMichael Haley (1996–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAjit Singh Randhawa (en) Aistrigh  agus Raj Kaur Randhawa (en) Aistrigh
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinnikkihaley.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm3949414 Facebook: NikkiHaley Twitter: nikkihaley Instagram: nikkihaley Youtube: NikkiHaley Cuir in eagar ar Wikidata
1988

Gairm cuir in eagar

 
Donald Trump agus Nikki Haley ag na N-A, 2018
 
2020

Rugadh Haley in Bamberg, Carolina Theas, do thuismitheoirí Saíceacha ón India. Tá céim B.S. i gcuntasóireacht aici ó Ollscoil Clemson. I mí Meán Fómhair phós sí Michael Haley i searmanais Shaíceacha agus Modhacha. Deir sí gur Críostaí í agus go bhfuil sí ina bhall de phobal Modhach.

Sula raibh sí ina gobharnóir, bhí sí ina hionadaí ar son Contae Lexington i dTeach Ionadaithe Carolina Theas (2005 go 2011).[3]

Ba ea í Haley an chéad bhean a bheith ina ghobharnóir ar stát South Carolina, an gobharnóir Meiriceánach b'óige ag an am[4][5] agus an dara duine de shliocht Indiach a bheith ina gobharnóir Meiriceánach (i ndiaidh Bobby Jindal).

Cathaoirleach ar bhord Ollscoil Carolina Theas ba ea í sna 2010idi.[6]

 
Feachtas 2024

Ar 23 Samhain 2016 d'fhógair Donald Trump go n-ainmneodh sé Haley do phost ambasadóra SAM chuig na Náisiúin Aontaithe.[7]

Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024 cuir in eagar

Le linn Eanáir 2024 sna toghcháin tosaigh, d'éirigh Haley an t-aon duine a bheith san iomaíocht leis an iar-Uachtarán Donal Trump don ainmniúchán. Bhí Haley ag súil lena chruthú in New Hampshire go bhféadfadh sí Trump a chur dá bhuille, ach bhí sí ag snámh in aghaidh easa.[8]

Bhí bua mór eile ag Trump ar an 5 Máirt 2024 agus d'éirigh Haley as an rás. Níor bhuaigh Haley ach dhá réamhthoghchán le linn a feachtais (Washington DC agus Vermont). An port a bhí ag Nikki Haley ag an am ná go raibh malairt rogha tuillte ag lucht an pháirtí, go háirithe agus coireanna coiriúla éagsúla curtha i leith Trump.[9][10] Deir saineolaithe gur le gráin ar Trump a fuair Haley an méid tacaíochta a fuair sí agus gurb iad na vótóirí meánaicmeacha seo a bhfuil oideachas tríú leibhéal orthu a bheidh cinniúnach san olltoghchán.[11]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Nikki Haley: 10 things you didn't know about the S.C. Republican". Washington Post Voices.
  2. "Don't say 'no' to South Carolina Gov. Nikki Haley". USA Today.
  3. "Belles of the South". Audrey. April–May 2006.
  4. news |url=http://www.theepochtimes.com/n2/content/view/45304/ Curtha i gcartlann 2010-11-07 ar an Wayback Machine Nikki Haley First Indian-American Governor of South Carolina, The Epoch Times
  5. "Nikki Haley bests Vincent Sheheen for South Carolina governor".
  6. "Haley, Scott, Staley to deliver UofSC commencement addresses".
  7. "Gov. Nikki Haley tapped to be Trump’s U.N. ambassador". The Washington Post.
  8. "A ghreim ar ainmniúchán na bPoblachtánach daingnithe ag Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-01-24). Dáta rochtana: 2024-01-25.
  9. "Nikki Haley chun éirí as, Trump ar a bhogstróc san fheachtas uachtaránachta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-06). Dáta rochtana: 2024-03-06.
  10. Caroline Linton (2024-03-06). "Which states voted on Super Tuesday? Full list of states and the delegates at stake - CBS News" (en-US). www.cbsnews.com. Dáta rochtana: 2024-03-06.
  11. Máirín Ní Ghadhra (11 Márta 2024). "Dá dhonacht maol is measa mullach i dtoghchán Mheiriceá" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-11.

Naisc sheachtracha cuir in eagar