Nioclás Mac Riocaird

iománaí agus imreoir peil Ghaelach

Iománaí den scoth ab ea Nioclás Mac Riocaird, nó Nicholas "Nicky" Rackard (28 Aibreán 1922 - 10 Aibreán 1976). Sár-imreoir a bhí ann, é ag imirt ina thosaí (ag uimhir a haon déag) san fhoireann iomána Loch Garman sna 1940idí agus 1950idí.

Infotaula de personaNioclás Mac Riocaird

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Aibreán 1922
Cill Anna, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Aibreán 1976
53 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí, iománaí, tréidlia Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtiomáint
peil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
Grúpaí I P
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Peile Loch Garman
- Foireann Sinsir Iomána Loch Garman Cuir in eagar ar Wikidata

Cuimhnítear Mac Riocaird mar dhuine de na himreoirí ab fhearr sa spórt riamh[1], agus é an scórálaí is fearr i gCraobh Iomána Sinsearach na hÉireann; scóráil sé 59 cúl.[2]

Gairm cuir in eagar

Is mar pheileadóir ab fhearr aithne ar Rackard ag tús na 1940idí.

San iománaíocht, d’imir Rackard 36 cluiche craoibhe idir 1940-1957. San achar ama sin, scóráil sé 59 cúl.[3]

Ag an am bhí iománaithe an chontae in umar na haimléise agus níor bhuaigh sé féin a chéad bhonn cúige san iomáint go dtí 1951. Fuaireadar greadadh ceart ó Thiobraid Árann i gcluiche ceannais na hÉireann an bhliain chéanna. Chailleadar a gcoróin chúige i 1952 ach bhuadar ar ais arís í i 1953. I gcluiche ceannais an chúige an lá sin scóráil Rackard 5-5 as an 8-15 a fuair na Carmannaigh. Tar éis chluiche leathcheannais na hÉireann i gcoinne Aontroma, bhí 7-7 i lúibíní i ndiaidh a ainm ag deireadh na himeartha. Ach theip orthu arís sa chluiche ceannais, i gcoinne Chorcaí an uair seo.[3]

An bhliain dár gcionn d’éirigh le Loch Garman agus na deartháireacha Rackard (Nicky, Bobby agus Billy) Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt leo i gcoinne na Gaillimhe.

Agus i 1956 bhuaigh siad an chraobh arís nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chorcaigh.  Sa chluiche sin tógadh ceann de mhórghrianghrafanna na hiománaíochta, pictiúr ina raibh Nick O’ Donnell agus Bobby Rackard as Loch Garman á fhéachaint le Christy Ring san aer.

An bhliain ina dhiaidh sin d’éirigh Rackard as an iomáint idirchontae nuair a chaill Loch Garman craobh an chúige.[3]

Bás cuir in eagar

Tháinig ailse scornaí ar Rackard agus d'éag ar 10 Aibreán 1976, in aois 53 bliain d’aois dó. Bhí sé ag obair le Alcólaigh gan Ainm ag an am;

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Irish Independent, "Rackard moves to edge of the square", 20 Márta 2012
  2. "Nickey will shine forever as beacon of true greatness" (en). independent. Dáta rochtana: 2023-04-10.
  3. 3.0 3.1 3.2 John Allen (Aibreán 10 2021 Aibreán x2021). "Éachtaint bheag ar cé chomh maith is a bhí Nicky Rackard" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-10.