Ba bhanna rac-cheoil, nó rac malartaigh as Seattle, Stáit Aontaithe Mheiriceá é Nirvana. Tugtar "grúinse" ar an saghas rac-cheoil a bhí á sheinm acu, fuaim úrnua a bhí áit éigin idir phunc-rac agus miotal trom. Grúpa beag neamhspleách a bhí ann ar dtús, ach bhain siad cáil dhomhanda amach go tobann nuair a thrasnaigh an saghas ceoil seo isteach sa phríomhshruth ag tús na 1990idí. Chuaigh a gceirnín is mó cáil Nevermind go barr na gcairteacha sa bhliain 1992, buíochas le singlí cáiliúla ar nós Smells Like Teen Spirit, Come As You Are agus Lithium, agus bhí síorchaint sna meáin faoin tionchar a bhí á imirt acu ar chúrsaí ceoil agus ar an gcultúr go forleathan, fiú.

Bosca Sonraí EagraíochtaNirvana
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálracbhanna
banna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1987, Aberdeen, Washington Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1987 –  1994
Lipéad ceoilColumbia Records
Sub Pop
Warner Bros.
Warner Music Group Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraRac malartach agus grúinse Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thionchar
Le cuid
Eile

Suíomh gréasáinnirvana.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1110321 Facebook: Nirvana Twitter: Nirvana Instagram: nirvana Youtube: UCFMZHIQMgBXTSxsr86Caazw Souncloud: nirvana Spotify: 6olE6TJLqED3rqDCT0FyPh iTunes: 112018 Last fm: Nirvana Musicbrainz: 5b11f4ce-a62d-471e-81fc-a69a8278c7da Discogs: 125246 Allmusic: mn0000357406 Deezer: 415 Cuir in eagar ar Wikidata

Tháinig cáil thobann an bhanna aniar aduaidh ar bhaill an ghrúpa féin, áfach, rud a chuir go mór isteach ar amhránaí agus cumadóir Kurt Cobain, ach go háirithe. Chuir féinmharú Chobain deireadh le Nirvana sa bhliain 1994, ach cuirtear suim mhór sa bhanna fós.

Stair cuir in eagar

Luathbhlianta cuir in eagar

Chas Kurt Cobain agus Krist Novoselic le chéile don chéad uair sa mheánscoil in Aberdeen, Washington, baile iargúlta beag in iarthuaisceart na tíre. Cothaíodh cairdeas idir an bheirt taobh amuigh den seomra ranga, agus iad ag casadh le chéile go rialta in áit cleachtaidh The Melvins, grúpa ceoil ón bhaile céanna. Bhí an bheirt gafa go mór cheana leis an bpunc-rac, agus bhí sé d'aidhm ag Cobain a bhanna féin a bhunú. Giotáraí agus cumadóir a bhí ann le tamall cheana, agus roinnt amhrán dá chuid féin scríobtha aige. Ní raibh mórán suime ag Novoselic sa smaoineamh ar chor ar bith, áfach, agus uirlis cheoil ar bith aige. Bhí athrú intinne aige nuair a d'éist sé le Fecal Matter, téip gharbh a bhí taifeadta ag Cobain i dteach a aintín. Le duine áitiúil darbh ainm Aaron Burckhard faighte mar dhrumadóir, thosaigh an grúpa nua ag cleachtadh an ábhair ar Fecal Matter, agus ag scríobh a lán rianta eile.

Níor shocraigh siad ar ainm amháin ar dtús, agus iad ag tabhairt idir Skid Row, Pen Cap Chew, Bliss, agus Ted Ed Fred orthu. Sa deireadh, roghnaíodh Nirvana mar ainm. Mar a dúirt Cobain, "Ainm a bhí sórt álainn nó deas agus dathúil a bhí uaim, in áit ainm suarach punc-rac amhail Angry Samoans". Agus Novoselic agus Cobain bogtha go Tacoma agus Olympia, Washington faoi sceach, thiteadar as teagmháil le Burckhard. Leanadar ag cleachtadh fós le Dale Crover de chuid The Melvins ina áit, agus thaifead siad a gcéad rianta i mí Eanáir 1988. Go luath sa bhliain chéanna, d'fhág Crover chun aghaidh a thabhairt lena chomrádaí sa Melvins ar San Francisco. Mhol Crover Dave Foster dóibh, agus chaith seisean roinnt mhíonna leo. Níor mhair Foster rófhada, áfach, agus chuir siad scairt ar Bhurckhard arís. Uair amháin eile, thug siad droim dó agus é tinn le póit lá cleachtaidh áirithe. Tar éis iarracht mí-shásúil le fógra san iris The Rocket, cuireadh cara dá gcuid iad in aithne le Chad Channing, agus thosaigh siad ag seinm le chéile. Cé nár bronnadh áit aige sa ghrúpa go hoifigiúil riamh air, ghlacadar isteach leis agus sheinn siad a gcéad seó leis i mí na Bealtaine.

D'fhan Chad Channing leo ar feadh tamaill, agus bhí seisean ar na drumaí agus fear darb ainm Jason Everman ar an ngiotár nuair a thaifead siad a gcéad ceirnín Bleach sa bhliain 1989, i Reciprocal Studios le Jack Endino. Sa bhliain chéanna, bhuail siad an bóthar ar chamchuairt, agus sheinn siad go beo i ngach áit ar fud na tíre agus sa Bhreatain.

Sa bhliain 1990, tugadh bata agus bóthar do Channing. Dearbhaíodh nach raibh stíl Channing oiriúnach go leor don bhanna, agus nach raibh sé chomh díograiseach is a bhí Kurt agus Kris. An drumadóir a ghlac siad isteach ina áit ná Dave Grohl, duine a chuaigh i bhfeidhm orthu nuair a chonaic siad é ag seinm lena sheanbhanna Scream. Ba dhrumadóir gasta agus láidir é Grohl, a bhí i bhfad níos oiriúnaí don bhanna. Lean an banna ar aghaidh ag seinm ar fud na tíre agus ar fud na hEorpa. Sa bhliain 1991, shínigh siad conradh ceoil le DGC Records, comhlacht ceoil mór. Sa samhradh, thaisteal siad go Los Angeles chun a n-albam nua a dhéanamh leis an léiritheoir Butch Vig. An toradh a tháinig amach as ná an t-albam Nevermind.

Ard-cháil chuilithe cuir in eagar

Nuair a bhí Nirvana thall ar chamchuairt san Eoraip, is beag tuiscint a bhí acu ar an rí-rá a bhí á chothú i Meiriceá. Bhí cóipeanna de Nevermind ag díoladh ar nós na gaoithe, agus níorbh fhada go bhuaileadar barr na gcairteacha amach. Athrú ollmhór a bhí ann do bhanna beag malartach, agus ceann a tharla beagnach thar oíche. Bhí a n-albam ag uimhir a haon, bhí an rian Smells Like Teen Spirit á chasadh gan stad ar an raidió agus ar an teilifís araon, agus bhí na meáin ag caint fuathú mar sár-bhanna tábhachtach, agus faoi Kurt mar "urlabhraí na glúine". Bhí idir iontas agus mearbhall ar an mbanna, agus níor éirídís ró-chompordach leis a gcáil seo riamh.

Ag tús na bliana 1992, bhí Nirvana ar an rac-bhanna ba mhó ar domhain agus rinneadar iarracht sult éigin a bhaint as. Bhronnadar MTV cúpla dhuais orthu mar aitheantas, agus sheinneadar mar bhanna ceannlíne ag an bhFéile Reading i mí Lúnasa. Chun éileamh a a bhí ann a shásamh, sheol siad amach albam nua Incesticide an bhliain seo freisin, bailiúchán de sheanamhráin don chuid is mó.

Deireadh an ghrúpa cuir in eagar

Sheol Nirvana a n-albam deireanach In Utero sa bhliain 1993. Bhí sé ar intinn ag Cobain rud difriúil a dhéanamh, mar ní raibh siad sásta leis an bhfuaim popcheoil a bhí le cloisteáil ar Nevermind. Mar sin, rinne siad an socrú albam níos callánaí agus níos salach a dhéanamh, agus thóg siad Steve Albini chun é a thaifead. Bhí Kurt agus an banna an-sásta leis an toradh, ach cheap DGC agus a lán daoine eile go raibh sé ró-aisteach agus ró-thrialach. Chuaigh siad amach ar an mbóthar arís, ag tógáil Pat Smear leo freisin chun an giotár a sheinm. I mí Deireadh Fómhair, sheinn Nirvana ar MTV Unplugged.

I mí Aibreáin 1994, mharaigh Kurt Cobain é féin ina theach i Seattle. Bhí sé seacht mbliana is scór d'aois.

Tar éis Nirvana, thosaigh Krist Novoselic cúpla banna nua, mar shampla Sweet 75 agus Eyes Adrift. Sa bhliain 1995, thosaigh Dave Grohl an banna Foo Fighters, atá ag seinm fós.

Albaim cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar