Is éard a bhí i gceist leis an Nua-Chritic ná gluaiseacht teoirice litríochta a bhí chun tosaigh i measc lucht taighde na litríochta sna Stáit Aontaithe i lár na fichiú haoise. Chuir an Nua-Chritic béim ar leith ar gharléamh (mionléamh cúramach) na litríochta lena aithint conas a bhí an saothar litríochta ag obair agus ag dul i gcion ar an léitheoir mar rud ann féin.

Stair cuir in eagar

D'fhorbair an Nua-Chritic sna fichidí agus sna tríochaidí, agus bhain sí amach buaic a tionchair sna daichidí agus sna caogaidí.[1] Fuair an ghluaiseacht a hainm ón saothar teoiriciúil The New Criticism a tháinig ó pheann John Crowe Ransom agus a foilsíodh sa bhliain 1941.[2] Bhí na Nua-Chriticeoirí barúlach gur chóir don taighdeoir litríochta gan bacadh le rudaí cosúil le haisfhreagra an léitheora, tucaidí an scríbhneora, comhthéacs cultúrtha an tsaothair, agus breithiúnas morálta. Ba iad na haistí Criticism, Inc. le Crowe Ransom agus Miss Emily and the Bibliographers le hAllen Tate ba thúisce a leag amach tuiscint aeistéitiúil na Nua-Chriticeoirí ar an saothar liteartha.

Ba ghnách leis na Nua-Chriticeoirí gach téacs a "gharléamh" - mionanailis a dhéanamh ar ghnéithe na teanga sa téacs - agus ba é a dtuiscint ná go raibh dlúthbhaint ag struchtúr na teanga agus ciall an tsaothair, agus nár chóir an dá rud a anailísiú beag beann ar a chéile. Roimh lá na Nua-Chritice bhí na hollúna le Béarla sna hollscoileanna Meiriceánacha ag cur na béime ba mhó ar chúlrú an téacs, ar na saothair staire, bheathaisnéise nó theangeolaíochta a scríobhadh faoi shaothar liteartha áirithe nó faoi scríbhneoir áirithe, seachas ar mhionanailis an téacs féin. An cineál modhanna oibre a bhí an Nua-Chritic a mholadh glacadh leis nach criticeoireacht acadúil a bhí iontu ach rudaí a rithfeadh le léirmheastóirí ar na nuachtáin a dhéanamh. D'athraigh an Nua-Chritic an scéal ó bhonn, áfach. Ar dtús bhí na hollúna seanbhunaithe go tréan in aghaidh an chur chuige nua a chuir an oiread sin béime ar an staidéar téacsúil, ach sa deireadh rinne an Nua-Chritic fódú sna hollscoileanna, agus bhí sí ar an gcur chuige ba thábhachtaí in ollscoileanna Mheiriceá go dtí gur tháinig modhanna nua léirmheastóireachta chun saoil sna seachtóidí.

Ní féidir a rá gur grúpa ceart taighdeoirí ab ea na Nua-Chriticeoirí. Go bunúsach, ba iad daltaí John Crowe Ransom iad, agus é ag teagasc in Ollscoil Vanderbilt (i Nashville, Tennessee), ba mhó a chuir chun cinn na modhanna léirmheastóireachta seo. B'as stáit an Deiscirt dóibh, nó don bhunús acu, cosúil le Robert Penn Warren, Allen Tate, nó Cleanth Brooks. Mar sin féin, is deacair a rá an "scoil" cheart criticeoireachta a bhí ann. Cé go bhfuil smaointí, idéanna nó modhanna oibre ann ar féidir a rá gur cuid den "Nua-Chritic" iad, ní dheachaigh na "Nua-Chriticeoirí" le chéile riamh le forógra nó mór-chomhshaothar a fhoilsiú agus an "Nua-Chritic" a leagan amach in éineacht.

Sa bhliain 1946 d'fhoilsigh William K. Wimsatt agus Monroe Beardsley aiste thábhachtach chonspóideach faoin teideal The Intentional Fallacy - "Iomrall an Chuspóra" - inar áitigh siad gan an iomarca airde a thabhairt ar chuspóir an údair mar a thug an t-údar féin le fios é. Ina áit sin, dar leo, ba iad focail an údair ar an leathanach - an téacs féin - an t-aon rud ar chóir don léirmheastóir is don taighdeoir a phlé. Ba chuma faoina ndúirt an scríbhneoir féin i dtaobh a chuid cuspóirí - b'fhéidir gur iarracht a bhí ann na taighdeoirí a chur ar strae d'aon ogham.

In aiste eile, The Affective Fallacy - "Iomrall an Mhothaithe" - dúirt Wimsatt agus Beardsley nach raibh tábhacht ar leith ag baint le mothuithe ná le haisfhreagraí an léitheora ó thaobh anailís an téacs de. I bhfad ina dhiaidh sin, tháinig scoil taighde - scoil fhreagairt an léitheora (Rezeptionstheorie mar a deir an Ghearmáinis, nó teoiric an aisfhreagra) - ar an bhfód a d'ionsaigh go tréan an ghné seo den Nua-Chritic. Íorónta go léir fuair Stanley Fish, duine de bhoic mhóra scoil fhreagairt an léitheora, oiliúint chuimsitheach Nua-Chritice. Lochtaigh sé The Affective Fallacy go trom ina aiste féin Literature and the Reader sa bhliain 1970.

Bhí ráchairt mhór ar an Nua-Chritic sna hollscoileanna Meiriceánacha i mblianta an Chogaidh Fhuair, ós rud é gur cur chuige a bhí ann nár bhac leis an bpolaitíocht ná le cuspóirí criticiúla nó radacacha an scríbhneora i leith na sochaí. Thairis sin, cur chuige a bhí ann a bhí réasúnta intuigthe ag cách. Leis an ráchairt sin a shásamh d'fhoilsigh Beardsley agus Wimsatt dhá théacsleabhar - Understanding Poetry agus Understanding Fiction - a raibh stádas an téacsleabhair chaighdeánaigh acu sna hollscoileanna Meiriceánacha ó na caogaidí go dtí na seachtóidí.

Má dhéanaimid staidéar ar shliocht as téacs liteartha, pé acu prós nó dán atá ann, de réir mhodh oibre na Nua-Chritice, scrúdóidh muid go mionchruinn é ar dhóigheanna éagsúla. Caithfidh muid úsáid a bhaint as eilimintí foirmiúla, ar nós na ríme, na rithime, na meadrachta, an tsuímh, na carachtrachta, agus an phlota le téama an téacs a aithint agus a chinntiú. Sa bhreis ar an téama, caithfidh an Nua-Chriticeoir dul ar lorg íoróine, aoire, débhrí, teannais, agus paradacsaí leis an léamh "ceart" ar an téacs a shocrú, dar leo. IS é an locht a fuarthas ar an gcur chuige seo ná gur iarracht choimeádach atá ann leis an téacs a scaradh leis an domhan agus le cúrsaí polaitiúla ar nós cine, aicme, agus inscne.

Cé nach bhfuil a seancheannas ag an Nua-Chritic a thuilleadh sna hollscoileanna Meiriceánacha, baintear úsáid as a modhanna oibre i gcónaí mar uirlisí praiticiúla. Cuid thábhachtach é an garléamh den taighde a dhéanann scoileanna eile critice - an t-iarstruchtúrachas, an dithógáil, agus scoil fhreagairt an léitheora, mar shamplaí - ar an saothar liteartha.

Tagairtí cuir in eagar