I gCuan na Gaillimhe atá Oileáin Árannna hÁrainneacha; is iad na trí phríomh-oileánÁrainn (ar a dtugtar Inis Mór go minic), Inis Meáin agus Inis Oírr.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilOileáin Árann
Aran Islands (en) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°07′N 9°42′W / 53.12°N 9.7°W / 53.12; -9.7
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla51 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceCuan na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Cill Rónáin, an baile measartha amháin atá ar na hoileáin, tuairim agus 50 ciliméadar siar as cathair na Gaillimhe. Ach níl Cill Rónáin ach tuairim is 12 km as Indreabhán i gConamara, agus 15 km as Dubhlainn i gContae an Chláir.

Daonra cuir in eagar

Tá cónaí ar os cionn míle duine ar na hoileáin inniu. Tá an pobal beag ag fás le 20 bliain anuas, tar éis meath mhall ar feadh tuairim is céad bliain roimhe sin. Sí an Ghaeilge gnáth-theanga formhór na ndaoine i gcónaí.

Turasóireacht agus iascaireacht na príomhshlite beatha ar na hoileáin. Tá an talamh an-bhocht, ach bhí ceangal daingean ag na hoileánaigh i gcónaí leis an bhfarraige. San am atá thart, bhí an-tábhacht le baint feamainne ar na hoileáin, go háirithe i gcóir táirgeadh Íodín. Sa samhradh, tá teacht ar na hoileáin go héasca le báid bheaga ó Chonamara agus Contae an Chláir, i mbeagán thar uair an chloig. Tá aerstrácaí, freisin, ar na trí hoileán, a thosaigh Aer Arann os cionn 30 bliain ó shin.

 
Oileáin Árann.

Idir 2002 agus 2006 thit daonra na n-oileán ó 1280 go 1218. I 2002 ar an oileán is mó, Inis Mór, bhí 831 duine, le 270 acusan i gCill Rónáin. Ní raibh ach 187 ar Inis Meáin, an dara hoileán is mó agus bhí 262 duine in Inis Oírr.

(Is ó Cheannáireamh 2002 na huimhreacha daonra Census 2002).

De réir an daoináireamh is déanaí (2016), tá 762 duine ina gcónaí ar Árainn (Inis Mór) faoi láthair, 281 ar Inis Oírr agus 183 ar Inis Meáin[1]. Tá laghdú beag tagtha ar líon na daoine ar na hoileáin ó 1251 i 2011 go 1226 duine i 2016.

Talamh cuir in eagar

Cé gur leaca móra d´aolchloch a chlúdaíonn cuid mhór de na hoileáin i gcónaí, cruthaíodh a lán talún in am ghátair le feamainn, gaineamh, agus cré a baineadh as na scoilteanna idir na leaca móra. Fásann glasraí ar nós fataí, cairéidí agus meacain go láidir in Árainn, ach is tógáil eallach agus caoire is mó atá ar siúl ann faoi láthair.

Stair cuir in eagar

Deirtear gurb iad na Fir Bholg a thóg na dúnta móra atá le feiscint ar na hoileáin. Tá cónaí ar an oileán ón am iargúlta sin chomh fada agus is eol dúinn. Ba i dtús ré na Críostaíochta in Éirinn a leath cáil na n-oileán arís, mar ar a raibh de mhainistir agus de naoimh orthu. Ina measc bhí Éanna, Rónán, Ciarán agus Caomhán, agus bhí cáil ar Árainn ar fud na hEorpa mar cheantar teagaisc i gcúrsaí creidimh agus sna hábhair eile a bhí á staidéar ag lucht léinn na hEorpa ag an am. Is uaidh sin a thugtar "Ára na Naomh" orthu fós.

Thréig a lán na hoileáin ó thús an 20ú hAois ar aghaidh, le dul ar an mórthír nó ar imirce. Ba go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Nua-Shéalainn a thug a lán acu a n-aghaidh. Ach seachas a lán d'oileáin bheaga eile in iarthar na hÉireann, bhí teacht éigin orthu fiú i rith an gheimhridh, mar go raibh bád mór as Gaillimh ag trial orthu trí huair sa tseachtain. Mar sin, ar ndóigh, níor tréigeadh aon cheann acu, agus tá borradh ar na hoileáin anois, a chuaigh i dtreise ós na 1980í nuair a thosaigh cuid mhór turasóirí ag triail orthu arís.

Litríocht cuir in eagar

 
Radharc ar an tírdhreach carst ó Dhún Aonghasa

Tá cáil ar na hoileáin mar ar a bhfuil de bhaint acu le litríocht. Bhain cuid de seo leis an dlúthaithne a bhí ar an oileán ar an nGaeilge, agus go minic an Béarla lena thaobh. Bhíodh lucht ollscoile agus teangeolaithe eile ag triail orthu le staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge a bhí cuíosach glan fós ó thionchar an Bhéarla.

Chaith John Millington Synge tréimhsí fada ar Inis Meáin ag foghlaim na Gaeilge agus ag scríobh a chuid leabhar agus drámaí. B'é an dráma is cáiliúla a bhí aige ná The Playboy of the Western World, a bhí bunaithe ar scéal a chuala sé ó mhuintir Inis Meáin. Bhain Liam Ó Flaithbheartaigh cáil amach i dtús an fichiú chéad ar a chuid gearrscéalta agus úrscéalta. Cé gur scríobh sé scéalta i nGaeilge ar feadh blianta, is i mBéarla atá formhór a chuid saothair. Tugann cuid acu léargas ar an saol chrua a bhí ag na daoine, agus cuid eile ar an dtuiscint a bhí aige don nádúr. Bhí Máirtín Ó Direáin ar dhuine de na filí ba mhó le rá sa fichiú haois, agus is i nGaeilge a scríobh sé ar fad, nach mór.

Cultúr cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Spórt cuir in eagar

Bunaíodh CLG Oileáin Árann i 1996 nuair a tháinig an trí oileán le chéile mar fhoireann amháin don chéad uair.