Is oileán íseal (28 ciliméadar) é Oileán Europa (Fraincis: Île Europa) amach ó chósta na Mósaimbíce. Tá 22.2 ciliméadar de chósta aige ach níl cuan ná calafort ar bith ann. Tá aerstráice 1,500 méadar ann.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachOileán Europa
Íomhá
CineálOileán, éiciréigiún WWF, críoch atá ina hábhar achrainn agus raised coral atoll (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilScattered Islands in the Indian Ocean (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Mór-roinnan Afraic Cuir in eagar ar Wikidata
Limistéar riaracháinScattered Islands in the Indian Ocean, An Fhrainc (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 22°22′06″S 40°21′48″E / 22.368333333333°S 40.363333333333°E / -22.368333333333; 40.363333333333
Suite i nó in aice le limistéar uisceMozambique Channel (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige7 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí6 (leithead) × 7 (fad) km
Achar28 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh Ramsar
Aitheantóir2073
Ceantar Tábhachtach Éin
Aitheantóireuropa-iba-french-southern-territories
Stair
Croineolaíocht
24 Nollaig 1774 fionnachtain Cuir in eagar ar Wikidata

Is tearmann dúlra é Oileán Europa agus is ann a neadaíonn níos mó turtair ghlasa ná in aon áit eile ar domhan. Tá gabhair fhiaine ann a d'fhág lonnaitheoirí ar an oileán san 18ú haois.

Ba ón long Shasanach Europa a thug cuairt ar an oileán sa bhliain 1774 a ainmníodh an t-oileán, ach tá sé i seilbh na Fraince ón mbliain 1897. Rinne daoine iarracht cur fúthu ann idir 1860 agus 1920 ach níl ach fothraigh, uaigheanna agus stáisiún eolaíochta Francach ann anois. Rialaíonn an Fhrainc an t-oileán mar chuid de la Réunion.