An ceathrú oileán is mó i Muir Chairib is ea Oileán na Tríonóide. Is é an t-oileán is mó de chuid Oileán na Tríonóide agus Tobága é. Tá sé suite i ndeisceart Mhuir Chairib, in Oileáin na Gaoithe. Suíonn Oileán na Tríonóide ar scairbh ilchríochach Meiriceá Theas, ach is é cultúr Mhuir Chairib atá i réim ann.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachOileán na Tríonóide
Íomhá
CineálOileán Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósan Tríonóid Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deOileáin na Gaoithe
Na Mion-Aintillí Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilNa Mion-Aintillí Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinOileán na Tríonóide agus Tobága Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 10°27′38″N 61°14′55″W / 10.460555555556°N 61.248611111111°W / 10.460555555556; -61.248611111111
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Chairib Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige940 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí97 (leithead) × 140 (fad) km
Pointe is airdeEl Cerro del Aripo (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata  (940 m Cuir in eagar ar Wikidata)
Achar4,768 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Tá 1,267,145 duine ina gcónaí ar an oileán (2011). Sin 267 duine sa chileaméadar cearnach nó 689 sa mhíle chearnach. Indiaigh Mheiriceánacha—na hAruacaigh agus na Cairibigh—chéad áitritheoirí an oileáin. Daonra ilchiníoch atá ann anois idir Indiaigh, Afraicigh, Indiaigh Thiar, agus eile.

Criostóir Colambas a bhaist an t-oileán leis an ainm "la Isla de la Trinidad" ar an tríú turas go Meiriceá aige. Ceapann cuid daoine gur "Oileán na nDordéan" a thugadh na bundúchasaigh air roimhe sin.

Lookout Point, in aice le Trá Maracas ar chósta thuaidh Oileán na Tríonóide

Féach freisin cuir in eagar