Cuid mhaith oileán aigéanach ina slabhraí stuachruthacha, cosúil le hOileáin Ailinie, na hOileáin Mháirianacha, na hAintillí is oileáin Thonga. De ghnáth bíonn bolcáin ghníomhacha orthu, agus bíonn siad gar do chlaiseanna aigéanacha. Míníonn teoiric an teicteonaic plátaí go gcruthaítear na stuanna, ar imeall an Aigéin Chiúin, trí bholcánachas agus, de réir mar a fhodhuchtaíonn pláta docht amháin de screamh an Domhain faoi phláta eile, trí thalamh an phláta uachtaraigh a bhrú os cionn dromchla na farraige.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Oileánra stua". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 494.