Seantéarma dlí é oilghníomh nach n-úsáidtear i ndlí na hÉireann a thuilleadh, ach is é is brí leis ná coir nach bhfuil chomh tromchúiseach leis an bhfeileonacht. Is iad na téarmaí a d'fheicfeá i ndlí na hÉireann inniu ná neamh-thromchion agus cion neamh-inghabhála. Is ionann an dá rud mar choincheap, áfach, agus is féidir "oilghníomh" a thabhairt ar na neamh-thromchionta nó na cionta neamh-inghabhála sa ghnáthchaint.

Tá a leithéid de théarma ann freisin agus mionchion. Úsáidtear an téarma seo go hoifigiúil i mBunreacht na hÉireann, ach níl sé soiléir cad é atá i gceist leis. Is é cleachtas na gcúirteanna ná go ndearctar ar an gcion mar mhionchion, mura féidir príosúnacht níos faide a ghearradh don chiontóir ná dhá mhí déag. Mar sin, is oilghníomh (neamh-thromchion, cion neamh-inghabhála) gach mionchion, ach ní mionchion gach oilghníomh.