Olltoghchán na hÉireann, 2011

Reáchtáladh Olltoghchán na hÉireann, 2011 ar an 25 Feabhra 2011. Toghadh 166 Teachta Dála, an 31ú Dáil Éireann.[1]

Bhí Brian Ó Comhain, Fianna Fáil, mar Thaoiseach roimh an toghchán, i gcomhrialtas leis an gComhaontas Glas. Mar gheall ar an ghéarchéim airgeadais a bhí ann ó 2008, ceapadh go raibh Fianna Fáil chun go leor suíochán sa Dáil a chailliúint.

Chaill Fianna Fáil 50 as na 71 suíochán a bhí acu roimh ré, an toghchán is measa a bhí ag rialtas Éireannach riamh. Bhuaigh Fine Gael 77 suíochán sa Dáil agus ba iad an páirtí is mó sa 31ú Dáil, mar sin. Bhuaigh Páirtí an Lucht Oibre 37 suíochán agus bhuaigh Sinn Féin níos mó suíocháin chomh maith.

Torthaí cuir in eagar

Páirtí Ceannaire Vótaí céadrogha Suíocháin
Vótaí % 1. rogha Athrú (%) TDanna ag tús an 30ú Dáil TDanna ag deireadh an 30ú Dáil TDanna a toghadh chun na 31ú Dála Athrú TDanna 2007-2011
Fine Gael Éanna Ó Coinnigh 801,628 36.1 Increase8.8 51 51 76 Increase25
Páirtí an Lucht Oibre Éamon Mac Giollamóir 431,796 19.5 Increase9.3 20 20 37 Increase17
Fianna Fáil Mícheál Ó Máirtín 387,358 17.5 Decrease24.2 77 71 20 Decrease57
Sinn Féin Gerry Adams 220,661 9.9 Increase3.0 4 5 14 Increase10
Páirtí Sóisialach Gan ceannaire 26,770 1.2 Increase0.6 0 0 2 Increase2
Pobal Roimh Bhrábús Gan ceannaire 21,551 1.0 Increase0.6 0 0 2 Increase2
Gníomhaíocht na nOibrithe agus na nDífhostaithe Séamus Healy 8,818 0.4 Increase0.1 0 0 1 Increase1
Comhaontas Glas John Gormley 41,039 1.8 Decrease2.9 6 6 0 Decrease6
Comhaontas Neamhspleách Chiarraí Theas Michael Gleeson 4,939 0.2 nua 0 0 0 =
Páirtí Oibrithe na hÉireann Mick Finnegan 3,056 0.1 = 0 0 0 =
Comhar Críostaí Richard Greene 2,102 0.1 = 0 0 0 =
Fís Nua Gan ceannaire 938 0.0 nua 0 0 0 nua
Neamhspleáigh 269,703 12.1 Increase6.9 5 8 14 Increase9
Vótaí bailí 2,220,359 99.0%
Vótaí millte 22,817 1.0%
Iomlán 2,243,176 100% 166 Increase2
Teacht amach 3,209,244 69.9%

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tithe an Oireachtais (2018-02-02). "Foilseacháin Thithe an Oireachtais – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2022-03-11.