Gléas ceoil ina bhfuil líne giolcach miotalach a chritheann ionanálú is eisanálú an tseinnteora trí phoill atá dírithe ar na giolcaigh sa bhunús adhmadach. Sa tsamhail chaighdeánach dhiatonach, bíonn an scála mantach (is é sin, cuid de na nótaí as láthair) agus ní bhíonn sé oiriúnach ach d'fhoinn shimplí. Ach sa tsamhail chrómatach bíonn meicníocht sleamhnán chun an dara líne giolcach, tiúnta leath-thon níos airde, a chur ag seinm. Ba iad Larry Adler (1914-2001) is Tommy Reilly (1919-2000) rímháistrí an ghléis seo. De réir na lámhscríbhinní, bhíodh orgáin béil in úsáid sa tSín roimh 600 RC.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.