Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann

ospidéal in Éirinn

Ospidéal oiliúna é Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann nó níos minice Ospidéal Naomh Uinseann (úsáidtear Ospidéal Ollscoile Uinsinn chomh maith) (Béarla: St. Vincents University HospitalSVUH) atá lonnaithe ag Páirc na Leamhán, ó dheas ó chathair Bhaile Átha Cliath, Éire.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann
Íomhá
Sonraí
CineálOspidéal
Foirgníocht1834 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire
Map
 53°19′N 6°13′W / 53.32°N 6.21°W / 53.32; -6.21
Gníomhaíocht
ComhcheangalAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Suíomh gréasáin oifigiúilstvincents.ie

Tá an t-ospidéal lonnaithe ag crosaire Bhóthar Mhuirfean, trasna ó Ionad Siopadóireachta Mhuirfean agus ar láimh Cumann Gailf Pháirc na Leamhán. Tá sé nasctha le Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath atá suite beagán uaidh.

Stair cuir in eagar

 
Faiche Stiabhna fadó

Bunaíodh sean-Ospidéal Naomh Uinseann ar Fhaiche Stiabhna ar an 23 Eanáir 1834 ag Mother Mary Aikenhead,[1] an bhean a bhunaigh Siúracha na Carthanachta, ord rialta de chuid na gCaitliceach.

Bhí cead ag cách cúram a fháil san ospidéal, agus ba chuma cén creideamh lenar bhain siad.

Bhog an t-ospidéal chuig an suíomh reatha i bPáirc na Leamhán sa bhliain 1970.

Ath-ainmníodh an t-ospidéal sa bhliain 1999 faoin ainm Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann le léiriú go raibh an t-ospidéal mar phríomhospidéal oiliúna ag Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Mary Aikenhead" (as en) (2020-10-14). Wikipedia.