Is cathair í Ourense i gComhphobal féinrialaitheach na Gailíse in iarthuaisceart na Spáinne, agus is í príomhchathair an chúige Ourense sa Ghailís. Tá thart ar 105, 600 daoine ina gcónaí ann; sé sin 30% de dhaonra an chúige ar fad.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilOurense
Armas
Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 42°20′08″N 7°51′51″W / 42.33556°N 7.86406°W / 42.33556; -7.86406
Stát ceannasachan Spáinn
Comhphobal féinrialaitheach na Spáinnean Ghailís
Cúigí na SpáinneOurense Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de

PríomhchathairOurense Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán104,250 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,223.59 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deOurense (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla85.2 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Minho Cuir in eagar ar Wikidata
Airde145 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
ÉarlamhMairtín de Tours Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Ourense Cuir in eagar ar WikidataGonzalo Pérez Jácome (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist32001–32005 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód988 Cuir in eagar ar Wikidata
INE municipality code (en) Aistrigh32054 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinourense.gal… Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: OurenseConcello Twitter: ourenseconcello Telegram: OurenseConcello Youtube: UCcdDSal8Q04l9W7itSu3FeQ Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Bunaíodh an baile in aois na Rómhánaigh. Áit mhaith ab ea é le cosaint bealach thar an abhainn Miño. Tar éis na Rómhánach, bhí sé mar chuid den Ríocht Suebi ón 5ú haois go dtí an 7ú haois, go dtí gur ghabh agus gur mhill na Múraigh é sa bhliain 716. Rinne Alfonso III atógáil ar an áit timpeall na bliana 877. Chuir ionsaí na Normannach agus na nArabach Al-Mansur meath leis an gcathair arís. Bhí sé ar ais mar chathair thábhachtach faoi réim Sancho II agus a dheirfiúr Doña Elvira sa 11ú haois.

Tuarasóireacht cuir in eagar

 
Ard-Eaglais.

Is féidir an chathair a roinnt i dtí chuid ag taispeáint forbairt na cathrach de réir aoiseanna éagsúla; an mheánaois, an 19ú haois agus an lá atá inniu ann. Mar aon le formhór cathair agus bailte na Spáinne tá an Plaza Mayor mar anam na cathrach. Is í an Ard-Eaglais an foirgneamh is tábhachtaí sa chathair. Is í an dara ard-eaglais is sine sa Ghailís (bunaíodh é sa bhliain 572, agus atógadh í sa 13ú haois. Tá stíl Rómhánúil ann, chomh maith le stíl Ghotach freisin.

Tá droichead iontach ag dul thar an abhainn Miño, mar atá, an Ponte Vella. Thóg na Rómhánaigh ar dtús é, agus rinne an t-easpag Lorenzo atógáil air sa bhliain 1230.

Barallete cuir in eagar

Bhain lucht líofóra na sceana agus lucht na scáthanna fearthainne úsáid as argot darbh ainm Barallete, ba bhéarlagair é seo inar úsáideadh focail nuachumtha nár thuig aon duine eile in ionad gnáthfhocal.

Tagairtí cuir in eagar