Pádraig Ó hIrighile

6ú hUachtarán na hÉireann (1923–2008)

Polaiteoir Éireannach, agus iar-Uachtarán ar Phoblacht na hÉireann ab ea an Dochtúir Pádraig Ó hIrighilePatrick Hillery (2 Bealtaine 1923 - 12 Aibreán 2008),[1][2] an séú ceann a chaith dhá théarma san oifig idir na blianta 1976 agus 1990.[3]

Infotaula de personaPádraig Ó hIrighile

(1986) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith2 Bealtaine 1923
Sráid na Cathrach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Aibreán 2008
84 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Naomh Fhiontain, Cill Fhionntain Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán na hÉireann
3 Nollaig 1976 – 2 Nollaig 1990
← Cearbhall Ó DálaighMáire Mhic Róibín →
An Coimisinéir Eorpach um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
6 Eanáir 1973 – 2 Nollaig 1976
← Albert CoppéHenk Vredeling →
Teachta Dála
2 Iúil 1969 – 5 Feabhra 1973 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 19ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

An tAire Gnóthaí Eachtracha
2 Iúil 1969 – 3 Eanáir 1973
← Proinsias Mac AodhagáinBrian Pádraig Ó Luineacháin →
An tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta
21 Aibreán 1965 – 13 Iúil 1966
← Seán Ó LoingsighSeoirse Ó Colla →
Teachta Dála
21 Aibreán 1965 – 21 Bealtaine 1969 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 18ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

Teachta Dála
11 Deireadh Fómhair 1961 – 11 Márta 1965 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 17ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

An tAire Oideachais agus Scileanna
23 Meitheamh 1959 – 21 Aibreán 1965
← Seán Ó LoingsighSeoirse Ó Colla →
Teachta Dála
20 Márta 1957 – 1 Meán Fómhair 1961 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 16ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

Teachta Dála
2 Meitheamh 1954 – 13 Nollaig 1956 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 15ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

Teachta Dála
13 Meitheamh 1951 – 23 Aibreán 1954 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 14ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúireacht
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, taidhleoir, dochtúir leighis Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileMaeve Hillery Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 26044364 Cuir in eagar ar Wikidata

Dochtúir leighis a bhí ann, sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht.[4]

Polaitíocht cuir in eagar

 
1986, Amsterdam

Rugadh Pádraig Ó hIrighile i Sráid na Cathrach i gContae an Chláir i 1923. Fuair sé a chuid oideachais sa bhunscoil áitiúil, i Sráid na Cathrach, i gColáiste Charraig an Tobair agus ansin i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath

Fuair sé céimeanna onóracha san eolaíocht agus sa leigheas.  Chuaigh sé go Quebec, áit ar dhein sé cúrsa iarchéime.  Bhí an Fhraincis go flúirseach aige.[5]

D'fhill sé ar ais go hÉirinn. Nuair a bhí sé ag obair in ospidéal i mBaile Átha Cliath, bhuail sé le dochtúir óg eile, a chéile ionúin Maedhb.

Fianna Fáil cuir in eagar

 
1986, Amsterdam

Thuig Éamonn De Valera go raibh cumas i bPádraig agus d'iarr sé air seasamh leis san Olltoghchán sa bhliain 1951.[5] Toghadh iad mar Theachtaí Dála do dháilcheantar an Chláir. Bhí Pádraig ag obair mar dhochtúir ag an am. 

 
1986 in éineach le Banríon Beatrix

Nuair a bhí Seán Lemass ina Thaoiseach, ceapadh Ó hIrighile ina Aire Oideachais i 1959.  Ba cheannródaí é.[5]  Chuir sé tús le scrúdú cainte san Ard-Teistiméireacht mar shampla. Thug sé an cló rómhánach isteach, a mhaíodh Brian Cowen[5] 

Mhol sé airgead a chaitheamh ar oideachas. "Bhunaigh sé na scoileanna cuimsitheacha agus na coláistí réigiúnacha" a mhaíodh Brian Cowen[5] nó leag sé na bunchlocha b'fhéidir.

Chuir sé tús freisin leis na duaiseanna Gaisce, a thugann aitheantas gach bliain do ghníomhartha gaisce na ngnáth-dhaoine.

Aontas Eorpach cuir in eagar

Bhí Ó hIrighile i mbun na gcainteanna a thug Poblacht na hÉireann isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa i 1973. Bhíodh ceannairí polaitiúla, amhail Ó hIrighile, ag argóint gur san Eoraip a bhí todhchaí na hÉireann.

Bhí sé ina Leas-uachtarán ar Choimisiún na hEorpa agus ina Choimisinéir go dtí an bhliain 1976.[6]

Uachtarán cuir in eagar

Insealbhaíodh Ó hIrighile mar Uachtarán na hÉireann ar an 3 Nollaig 1976. Chaith sé dhá thréimhse mar Uachtarán.

Conspóidí cuir in eagar

Comhairlíodh don Uachtarán Pádraig Ó hIrighile gan glacadh le cuireadh chun pictiúir de chuid ealaíontóirí as Toraigh a bhreithniú sa bhliain 1984.[7]

Bás cuir in eagar

Fuair sé bás tar éis tréimhse gearr tinnis sa bhliain 2008 in Ospís Naomh Proinsias, Ráth Eanaigh.[8] Cuireadh Pádraig Ó hIrighile i Reilig Naomh Fionntain i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.[9]

Tagairtí cuir in eagar

  1. president.ie. "Childrens Section - Stair / Who Past". president.ie. Dáta rochtana: 2020-05-19.
  2. RTÉ Nuacht (2008-04-16). "Cinnlínte Nuachta" (as en). 
  3. Clár faisnéis ar TG4
  4. Eithne Nic Eoin (2019). "Uachtaráin na hÉireann". Doras Feasa: LeabhairComhar. Dáta rochtana: 2021-04-12.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 Brian Cowen ar Nuacht RTÉ (2008-04-16). "Graveside oration at funeral of Patrick Hillery" (as en). 
  6. Laurent BELLEC / An Coimisiún Eorpach (2016-05-30). "Éire san AE" (en). Éire - European Commission. Dáta rochtana: 2021-04-12.
  7. Breandán Delap (2014). "CÁIPÉISÍ STÁIT: Droim láimhe tugtha le healaíontóirí Thoraigh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-04-12.
  8. Pádraig Ó hIrghile. An tUltach 84 (5), 20. Bealtaine 2008
  9. "Ó HIRIGHILE : Death notice - Irish Times Family Notices - Irish Times". notices.irishtimes.com. Dáta rochtana: 2021-04-12.