Pádraig de Brún

sagart agus scoláire Éireannach

Rugadh an Moinsíneoir Pádraig de Brún i nGráinseach Mhóicléir, Contae Thiobraid Árann ar an 13 Deireadh Fómhair sa bhliain 1889.[1] Ba scoláire ilteangach é, agus chuir sé de dua air féin oidhreacht chultúrtha na hEorpa a tharraingt isteach sa Ghaeilge. Oirníodh ina shagart é sa bhliain 1913.

Infotaula de personaPádraig de Brún
Beathaisnéis
Breith13 Deireadh Fómhair 1889
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Meitheamh 1960
70 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Pháras Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaCharles Émile Picard
Gníomhaíocht
Gairmmatamaiticeoir, file Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis

De shliocht oilte é: d'fhoghlaim sé uraiceacht na Fraincise agus na Gearmáinise óna mháthair, agus ba mháistir scoile é a athair.

Dante i múrmhaisiú i nGailearaí Uffizi. Andrea del Castagno a rinne timpeall na bliana 1450.

Rinne sé staidéar ar an matamaitic in Ollscoil Sorbonne i bPáras sa Fhrainc, mar ar bhain sé amach dochtúireacht. Chuir sé feabhas ar a chuid Fraincise agus Gearmáinise agus é ag siúl na Mór-Roinne. Shealbhaigh sé an Iodáilis trí staidéar príobháideach agus trí chuairteanna ar an Iodáil, áit a raibh an Cairdinéal Mícheál de Brún, a dheartháir, ina chónaí sa Róimh.

Ba bhreac-Ghaeltacht é a cheantar dúchais agus é ina bhuachaill. Mhéadaigh a spéis sa Ghaeilge tar éis bhású cheannairí Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, agus é d'aidhm aige feasta litríocht chlasaiceach na hEorpa a chur ar fáil i nGaeilge. Rinne sé na haistriúcháin is cáiliúla ar mhórshaothar na hEorpa: An Choiméide Dhiaga le Dainté Ailigéirí agus an Odaisé le Hóiméar.

Bhí sé ina Ollamh le Matamaitic i gColáiste Phádraig i Maigh Nuad idir na blianta 1914 agus 1945, agus ba é Uachtarán Choláiste Ollscoile na Gaillimhe é ón mbliain 1945. Cheap Eamon de Valera é ina Chathaoirleach ar Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath agus bhí sé ina Chathaoirleach freisin ar Chomhairle Ealaíon na hÉireann. Rinneadh Chevalier de la Légion d'Honneur sa Fhrainc de agus bronnadh La Medaglia al merito della Repubblica Italiana air.

Fuair Moinsíneoir Pádraig de Brún bás sa bhliain 1960.

Tagairtí cuir in eagar