Bailiúchán mór cáipéisí rúnda de chuid Mossack Fonseca, comhlacht dlí Panamach, ab ea na Páipéir Phanama (Béarla: Panama Papers),

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtPáipéir Phanama
Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Cineálinformation leak (en) Aistrigh
scannal
gadaíocht sonraí
data journalism (en) Aistrigh
tacar sonraí
investigative journalism (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe3 Aibreán 2016 Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábharcuideachta chaoch
tax noncompliance (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírPanama Cuir in eagar ar Wikidata
Fionnachtaí nó aireagóirCuibhreannas Idirnáisiúnta na nIriseoirí Iniúchta, 15 min (en) Aistrigh, 24 Chasa (en) Aistrigh, Australian Broadcasting Corporation (en) Aistrigh, ABC Color (en) Aistrigh, Aftenposten, Al Nahar (en) Aistrigh, Al-Alam News Network (en) Aistrigh, Aristegui (en) Aistrigh, Panorama, Búsqueda (en) Aistrigh, El trece (en) Aistrigh, Canadian Broadcasting Corporation (en) Aistrigh, Center for Investigative Reporting (en) Aistrigh, The Charlotte Observer (en) Aistrigh, Ciper (en) Aistrigh, CommonWealth Magazine (en) Aistrigh, CONNECTAS (en) Aistrigh, Daily Monitor (en) Aistrigh, Daily Nation (en) Aistrigh, De Tijd, Delo (en) Aistrigh, DR (en) Aistrigh, Efecto Cocuyo (en) Aistrigh, El Comercio, El Confidencial, El Faro (en) Aistrigh, El Universo, Expresso (en) Aistrigh, Falter (en) Aistrigh, Fusion (en) Aistrigh, Gazeta Wyborcza (en) Aistrigh, The Guardian, Haaretz, Het Financieele Dagblad (en) Aistrigh, The Indian Express, Journalism and Media Studies Centre, University of Hong Kong (en) Aistrigh, Knack (en) Aistrigh, Kyiv Post (en) Aistrigh, Kyodo News (en) Aistrigh, L'Espresso (en) Aistrigh, La Nación, La Prensa (en) Aistrigh, La Sexta (en) Aistrigh, Le Matin, Le Monde, Le Soir (en) Aistrigh, Malaysiakini (en) Aistrigh, The McClatchy Company, Mmegi (en) Aistrigh, Mondiaal Nieuws (en) Aistrigh, Norddeutscher Rundfunk (en) Aistrigh, Novaya Gazeta (en) Aistrigh, O Estado de São Paulo, Organized Crime and Corruption Reporting Project (en) Aistrigh, OjoPúblico (en) Aistrigh, Österreichischer Rundfunk (en) Aistrigh, Politiken, Premium Times (en) Aistrigh, Proceso, RedeTV! (en) Aistrigh, SonntagsZeitung (en) Aistrigh, Sveriges Television, Süddeutsche Zeitung, Tunis Afrique Presse (en) Aistrigh, Tempo (en) Aistrigh, The Australian Financial Review, The Irish Times, The Miami Herald, The Namibian (en) Aistrigh, Toronto Star, Trinidad Express Newspapers (en) Aistrigh, Trouw, TVI 24 (en) Aistrigh, Univision (en) Aistrigh, Universo Online (en) Aistrigh, Westdeutscher Rundfunk (en) Aistrigh agus Yleisradio Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Dáta fionnachtana nó tionscnaimh2015 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinicij.org… Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#PanamaPapers Cuir in eagar ar Wikidata

Sceith duine gan aithne na milliún cáipéis maidir le 214,000 comhlacht eischósta a thagann faoi chúram an chomhlachta dlí Mossack Fonseca i bPanama le nuachtan sa Ghearmáin in 2015. Roinneadh an t-eolas le seirbhísí nuachta fud fad na cruinne, agus foilsíodh na sonraí in 2016.[1]

Cathair Phanama
Fógra de chuid an HMRC, Rialtas na R-A, 2014

Scannal cuir in eagar

Bhris an scéal mór caimiléireachta amach ar an 3 Aibreán 2016 don chéad uair. Ach thosaigh an scéal sa bhliain 2015 nuair a thug foinse rúnda na "Páipéir" don Süddeutsche Zeitung (SZ), nuachtán Gearmánach. Ansin roinn SZ an eolas leis an gCuibhreannas Idirnáisiúnta Iriseoirí Iniúchacha (ICIJ) agus nuachtáin timpeall an domhain, an Irish Times ina measc.

Bhí 214,000 comhlacht luaite sna 11.5 milliún cáipéis, 2.6 teiribheart (TB) de shonraí san iomlán. Chuaigh cuid acu siar chomh fada leis na 1970idí agus scríobhadh cuid eile chomh déanach leis an mbliain 2016.

Rinneadh staidéar fúthu ar feadh bliain amháin. D'oibrigh timpeall is 400 iriseoir de chuid 107 eagraíocht meán in breis agus 80 tír ar na cáipéisí.

Nochtaigh na cáipéisí an bealach a cuireadh maoine gnólachtaí, scaireanna, brabúis, agus imghabháil cánach i bhfolach ar mhaitheas ceannairí stáit agus polaiteoirí eile nach iad, chomh maith le lucht airgeadais, gnó, spóirt agus ealaíne.[2]

Ceanncheathrú Mossack Fonseca

Mossack Fonseca cuir in eagar

An comhlacht dlí as Panama, Mossack Fonseca a chuir na comhaid ar fáil.

Tá sé ar cheann na comhlachtaí is mó ar domhan a chuireann seirbhísí airgeadais ar fáil agus a bhfuil saineolas faoi leith aige ar chuntas eischósta.

In Éirinn cuir in eagar

Tuairiscaíodh san Irish Times go raibh ainmneacha na gcéadta comhlacht agus duine as Éirinn a raibh maoin in Éirinn agus thar lear acu luaite sna comhaid.[3]

Duine díobh is ea iar-straitéisí Fhine Gael Frank Flannery a dúirt go bhfuair sé iasacht £625,000 STG  ó Bhanc na hÉireann i Londain le teach a cheannach.[4][5] Duine seisean go ndearna sé athmhaoiniú ar an iasacht sin agus gur íoc sé chuile phingin ar ais sa gcuntas céanna.  Dúirt sé nach raibh a fhios aige tada faoi chuntas in Oileáin Bhriotanacha na Maighdeana agus gur gnóthaí príobháideacha a bhí ann.[3]

Sa Bhreatain cuir in eagar

Is saoránaigh de chuid na Breataine sciar suntasach dóibh siúd a chuir a maoin i dtaisce sna tearmainn cánach.[1] Mar shampla, tháinig sé chun solais sna cáipéisí go raibh scaireanna ag David Cameron i gcuideachta eischósta a athar, Blairmore Holdings, nár dhéarbhaigh sé le linn a fheachtais toghchánaíocht in 2011.

Tá ceisteanna á gcur ar Cameron faoin ‘bhronntanas’ £200,000 a fuair sé óna mháthair i ndiaidh bhás a athar. ‘Dodgy Dave’ a bháist an Feisire ón Lucht Oibre, Dennis Skinner, air sular caitheamh as Teach na Parlaiminte inné é.

Freagairt cuir in eagar

Dúirt Oxfam Ireland gur tháinig chun solais an córas lofa cánach a bhí ar fud na cruinne.[3][6]

I measc na ndaoine a bhí bainteach ag an am a foilsíodh tuairisc Süddeutsche Zeitung, bhí ceannairí reatha cúig thír (an Airgintín, an Araib Shádach, na hÉimíríochtaí Arabacha Aontaithe, an Íoslainn, agus an Úcráin).

D'éirigh príomh-aire na hÍoslainne, Sigmundur Gunnlaugsson, as a oifig ar an 5 Aibreán 2016 mar thoradh ar an scannal a chothaigh an tuairisc san Íoslainn.

Cóiré Thuaidh cuir in eagar

Léirigh na cáipéisí go raibh cliantchomhlachtaí ag Mossack Fonseca sa gCóiré Thuaidh. Bhí siad seo ar liosta  státchiste na Stát Aontaithe den dream nach bhféadfaí a bheith iontaobhach astu agus a gcaithfí a bheith aireach fúthu. Bhí baint ag roinnt comhlachtaí le clár núicléach na Cóiré Thuaidh.[7]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Cameron faoi bhrú le Cáipéisí Phanama < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2024-04-02.
  2. Süddeutsche Zeitung. "All you need to know about the Panama Papers" (en). Süddeutsche.de. Dáta rochtana: 2022-12-20.
  3. 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2016-04-04). ""Córas cánach lochtach"-Oxfam" (as ga). 
  4. Michelle Hennessy. "The Panama Papers: The Irish connection" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2022-12-20.
  5. "Panama Papers: Fianna Fail says Frank Flannery must be held to account" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-20.
  6. sinnfein.ie (2019). "FORÓGRA SHINN FÉIN, 2019". Dáta rochtana: 2024.
  7. Nuacht RTÉ (2016-04-05). "Meiriceá ag géarú ar chomhlachtaí cláraithe thar lear" (as ga).