Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann
Páirtí polaitiúil liobrálach neamh-sheicteach i dTuaisceart Éireann é Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann (Alliance Party of Northern Ireland sa Bhéarla). Úsáidtear Páirtí na Comhghuaillíochta agus Páirtí an Chomhaontais go minic freisin. Is é an cúigiú páirtí is mó i dTuaisceart Éireann faoi láthair le hocht suíochan i dTionól Thuaisceart Éireann agus suíochán amháin i dTeach na dTeachtaí i Londain.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | APNI | ||||
Cineál | páirtí polaitíochta | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | liobrálachas neamhsheicteach Eorpachas | ||||
Ailíniú polaitíochta | lárnachas | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 21 Aibreán 1970 | ||||
Bunaitheoir(í) | Oliver Napier | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Liberal International (en) Alliance of Liberals and Democrats for Europe Party (en) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Uachtaránacht | David Ford (2001–2016) Naomi Long (2016–) | ||||
Eile | |||||
Dath | |||||
Suíomh gréasáin | allianceparty.org | ||||
Bunaíodh an páirtí sa bhliain 1970 agus ar dtús ba páirtí aontachtach réasúnta neamh-sheicteach é. I rith na h-ama, go háirithe sna 1990í, bhog an páirtí go dtí seasamh neodrach ar cheist an Aontais idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain. Seachnaíonn an páirtí na lipéid "Náisiúnach" agus "Aontachtach" i dTionól Thuaisceart Éireann - úsáidtear an lipéad "Eile" don pháirtí. Tá an páirtí in éadan na lipéid oifigiúla a úsáidtear san Tionól.
Bhuaigh an páirtí suíochán i dTeach na Teachtaí don chéad uair sa bhliain 2010 nuair a fuair Naomi Long an ceann is fearr ar Peter Robinson, ceannaire an DUP i ndáilcheantar Bhéal Feirste Thoir.