Yorkshire Party

Páirtí polaitiúil réigiúnach na Breataine
(Athsheolta ó Páirtí Shír Eabhraic)

Páirtí réigiúnaíoch i Yorkshire, Sasana, is ea an Yorkshire Party a bhíonn i mbun feachtais ar son tionól réigiúnda do Yorkshire, cosúil leo siúd atá ag Albain agus ag an mBreatain Bheag faoi láthair.[1] Déanann sé cur síos air féin mar "pháirtí den lár pragmatach", agus "dearcthaí forásacha ar cheisteanna eacnamaíochta, sóisialta agus timpeallachta" aige.[2] Diúltaíonn a bhunreacht le córas na fuipe, agus aontaíonn a chuid iarrthóirí cloí le cód iompraíochta Martin Bell i gcomhair polaiteoirí.[3] Tá tríúr comhairleoirí áitiúla ag an bpáirtí faoi láthair a toghadh mar iarrthóirí de chuid an pháirtí. In Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2019, bhuaigh an páirtí 29,201 vóta, é sin á chur ar an séú páirtí is mó de réir vótaí i Sasana, an ceann is mó i ndiaidh na 'gcúig mór': na Caomhaigh, Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Liobrálacha, na Glasaigh, agus Páirtí an Bhreatimeachta.

Bosca Sonraí EagraíochtaYorkshire Party
Sonraí
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaréigiúnachas
comhshaolachas
daonlathas sóisialach
Coimhdeacht Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtalárnachas
ar chlé ón lár Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodhAibreán 2014
Gníomhaíocht
Ball deAn tSaor-Chomhghuaillíocht Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinyorkshireparty.org.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Devolution - Yorkshire Party" (en-GB). Yorkshire Party. Dáta rochtana: 2018-10-23.
  2. "Yorkshire devolutionists to contest Euro elections - The Targe" (en-gb). thetarge.co.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-06-14. Dáta rochtana: 2018-10-23.
  3. "How we work | Yorkshire First" (2015-04-18). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-04-18. Dáta rochtana: 2018-10-23.