Páirtí an Athchóirithe (An Ríocht Aontaithe)

Páirtí an Athchóirithe, ar a dtugtaí Páirtí an Bhreatimeachta go dtí le déanaí (Reform Party/Reform UK agus Brexit Party as Béarla) ar cheann de na páirtithe polaitiúla sa Ríocht Aontaithe. Bunaíodh an páirtí sa bhliain 2019 faoin ainm The Brexit Party, agus Nigel Farage ina cheannaire air. Bunaíodh é chun feachtasaíocht a dhéanamh ar son imeacht láithreach na Ríochta Aontaithe den Aontas Eorpach, mar dheireadh don phróiseas Breatimeachta, agus b'í tuairim an pháirtí gur 'fealladh ar an daonlathas' é nár imigh an Ríocht Aontaithe den Aontas Eorpach ar spriocdháta bunaidh an phróisis, 30ú Aibreán 2019.[1]

Bosca Sonraí EagraíochtaPáirtí an Athchóirithe
Sonraí
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlícuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Scartha óPáirtí Neamhspleách na Ríochta Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Téann in áitBrexit Party Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh20 Eanáir 2019
Gníomhaíocht
Ballraíocht4 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
ÚinéirNigel Farage (53.3%).
Richard Tice (en) Aistrigh (33.3%).
Paul Oakden (en) Aistrigh (6.7%).
Mehrtash A'zami (en) Aistrigh (6.7%). Cuir in eagar ar Wikidata
Teach Theachtaí na Ríochta Aontaithe (2024)
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinreformparty.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Sheas an páirtí a chéad iarrthóirí polaitiúla sna toghcháin Eorpacha i Mí na Bealtaine 2019. Bhain sé amach 30.5% den vóta agus 29 de na 73 shuíochán a bhí le fáil sa Ríocht Aontaithe, é sin á chur ar an bpáirtí ba mhó sa toghchán sin. Fuair siad 2.0% de na vótaí in Olltoghchán 2019 na Ríochta Aontaithe, gan suíochán ar bith i dTeach na dTeachtaí a bhaint amach.

Ar 6ú Mí Eanáir 2021, athainmníodh an páirtí go hoifigiúil mar Reform UK, ó tharla gur éirigh leis an bpáirtí an Breatimeacht a bhaint amach ar bhealach a mheas siad a bheith sásúil. De réir Nigel Farage agus Richard Tyce, beidh an páirtí ag feachtasaíocht in aghaidh na dianghlasála Cóivid-19 agus ar son athchóiriú a dhéanamh ar an BBC agus Teach na dTiarnaí na Ríochta Aontaithe.[2][3]

I Mí na Márta 2021, tháinig Richard Tyce i gcomharba ar Farage mar cheannaire an pháirtí.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Josh Halliday (2019-01-20). "Nigel Farage to lead new pro-Brexit party if EU departure delayed" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-05-08.
  2. Clea Skopeliti (2020-11-02). "Reform UK: Brexit party to rebrand as anti-lockdown voice" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2021-03-15.
  3. "Nigel Farage: Brexit Party to focus on fighting lockdown" (en-GB). BBC News (2020-11-02). Dáta rochtana: 2021-03-15.
  4. "Nigel Farage: Brexit-backing politician to quit as leader of Reform UK" (en-GB). BBC News (2021-03-07). Dáta rochtana: 2021-03-15.