Is bruíon nó rítheach í Bruíon Nymphenburg (Schloss Nymphenburg i nGearmáinis) suite i München, An Bhaváir, sa Ghearmáin. Ba teach samhraidh ag ríthe na Baváire í. Tá an bhruíon agus an fearann mórthimpeall uirthi ar cheann dos na radhairc is fearr i Munchen agus téann na mílte daoine ar chuairt ann gach bliain.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Pálás Nymphenburg
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(de) Schloss Nymphenburg
Ainmnithe in ómósnimfeach
Sonraí
CineálSummer residence (en) Aistrigh, cultural heritage ensemble (en) Aistrigh, músaem agus château
AiltireAgostino Barelli
Lorenzo Perti
Foirgníocht1664 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Staid úsáidepreserved (en) Aistrigh
Stíl ailtireachtaailtireacht Bharócach
Barócach
Déanta asaolchloch Kelheim
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinNeuhausen-Nymphenburg, An Ghearmáin agus München, An Ghearmáin
SuíomhSchloß Nymphenburg 1, 80638 München
Map
 48°09′29″N 11°30′13″E / 48.15806°N 11.50361°E / 48.15806; 11.50361
Architectural heritage monument in Bavaria (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
ÚinéirBavarian Administration of State-Owned Palaces, Gardens and Lakes (en) Aistrigh
OibreoirBavarian Administration of State-Owned Palaces, Gardens and Lakes (en) Aistrigh
SealbhóirMuseum of Man and Nature (en) Aistrigh
Suíomh gréasáin oifigiúilschloss-nymphenburg.de
An radharc ar chúl na Bruíne.

Stair cuir in eagar

 
An Bhruíon, thart ar 1760, mar a dhathaigh Canaletto í.

Bheartaigh an rí agus an bhanríon, Ferdinand Maria agus Henriette Adelaide de Savoy, an bhruíon mar cheiliúradh ar bhreith a mac, Maximilian II Emanuel. Ba é an t-ailtire Agostino Barelli ón Iodáil a dhear sa bhliain 1664 í. Chríochnaíodh an chuid lárnach na bruíne sa bhliain 1675.

 
Nymphenburg, thart ar 1730

Ag tosú i 1701, thosaigh Max Emanuel, ag fairsingiú an bhruíon. Tógadh dhá phailliúin an taobh ó thuaidh agus ar an taobh ó dheas de fhoirgneamh Barelli. Fairsingíodh an cliathán theas agus tógadh eachlanna ansin chun capaill a choimeád ann. Ar an dtaobh eile, tógadh teach oráistí chun cruth na bruíne a choimeád cothrom. Agus leis an feabhsú a chríochnú, thóg mac le Max Emanuel, Charles VII ciorcal mór le tithe Baroque (an Schlossrondell).

Athdhear Joseph Effner aghaidh an chuid lárnach i 1716. Chuir sé uaithní Fhrancacha air.

Ba é an bhruíon ba ansa le ríthe na Baváire. D'éag an rí Maximilian I na Baváire ansin i 1825 agus saolaíodh a gharmhac Rí Ludwig II na Baváire ansin sa bhliain 1845.

Sa lá atá inniu ann, tá an Nymphenburg ar oscailt don phobal, ach tá taoiseach an teaghlaigh Wittelsbach fós ina chónaí ann in árasán sa bhruíon.

 
Pálás Nymphenburg

Turasóireacht cuir in eagar

Is í an bhruíon agus an fearann mórthimpeall uirthi ceann dos na háiteanna is mó a thugtar cuairt ar i Munchen, agus baineann muintir na háite sochar airgid aisti dá bharr. Tugann breis is 300,000 cuairt ar an mbruíon gach bliain, ach tugann níos mó daoine cuairt ar Neuschwanstein áfach. Is féidir cuairt a thabhairt ar an mbruíon trí dul ar riancharr a 17 i dtreo Amalienburgstraße. Ritheann an rian seo trí lár na cathrach agus tógann sé thart ar 20 nóiméid taisteal ón lár go dtí an bhruíon ar an riancharr.

Íomhánna cuir in eagar

Naisc Sheachtracha cuir in eagar