Is é Páras (Fraincis: Paris) príomhchathair na Fraince agus í ar an gcathair is mó sa Fhrainc. Tá sé suite cois Séine i dtuaisceart na Fraince i lár an réigiúin darb ainm “Île de France” (tugtar “Réigiún Pháras” air chomh maith; Fraincis: Région parisienne). Tá 2.153.600 duine ina gcónaí taobh istigh de theorainn na cathrach (daonáireamh 2005) agus tá 11.769.433 duine ina gcónaí i mórcheantar uirbeach Pháras (aire urbaine). Mar sin, tá Páras ar ceann de na mórcheantair uirbeacha san Eoraip.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilPáras
Paris (fr) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Fluctuat nec mergitur» Cuir in eagar ar Wikidata
LeasainmVille-Lumière, The City of Light agus La Ciudad de la Luz Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósParisii (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 48°51′24″N 2°21′08″E / 48.8567°N 2.3522°E / 48.8567; 2.3522
Stát ceannasachan Fhrainc
Eintiteas críochach riaracháin de chuid na FrainceAn Fhrainc mheitreapholaiteach
Réigiún na FrainceÎle-de-France
Département de chuid na FrainceSeine Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán2,145,906 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús20,359.64 hab./km²
Teanga oifigiúilan Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) Aistrighaire d'attraction de Paris (fr) Aistrigh
Paris unité urbaine (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deÎle-de-France Cuir in eagar ar Wikidata
DeoiseArd-Deoise Caitliceach Pháras Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla105.4 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tSéin, Bassin de la Villette (en) Aistrigh, Canal Saint-Martin (en) Aistrigh agus Canal de l'Ourcq (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde28 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdehighest point of Paris (en) Aistrigh (130.53 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síLutetia agus Seine Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú3 haois "RCh"
Eachtra thábhachtach
ÉarlamhGenevieve (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachComhairle Pháras Cuir in eagar ar Wikidata
• Ceannaire an rialtaisAnne Hidalgo (2014–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist75116, 75001, 75002, 75003, 75004, 75005, 75006, 75007, 75008, 75009, 75010, 75011, 75012, 75013, 75014, 75015, 75016, 75017, 75018, 75019, 75020 agus 75000 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód1 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2FR-75C Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSFR101 Cuir in eagar ar Wikidata
INSEE department code (en) Aistrigh75 Cuir in eagar ar Wikidata
INSEE municipality code (en) Aistrigh75056 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinparis.fr Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: paris Twitter: Paris Instagram: paris_maville LinkedIn: villedeparis Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Páras ina áit lonnaithe thábhachtach le dhá mhílaois anuas agus sa lá atá inniu ann tá sé ar cheann de na príomhionaid maidir le cúrsaí gnó agus cultúrtha ar domhan. Tá tionchar aige ó thaobh chúrsaí polaitíochta, oideachais, siamsaíochta, meán, faisin, eolaíochta agus ealaíon de agus cuireann an méid seo lena stádas mar cheann de na príomhchathair dhomhanda ar domhan.

Is é Páras ceann de na cinn scríbe turasóireachta is coitinne sa domhan. Téann breis is 45 milliún turasóir gach bliain go dtí Réigiún Pháras. Tá roinnt sainchomharthaí tíre íocónacha sa chathair mar aon le hinstitiúidí aithnidiúla agus páirceanna coiteanna.

Sanasaíocht cuir in eagar

Tagann an t-ainm "Paris" ó ainm a áitritheoirí, treibh Ghallach darb ainm "Parisii". Tugadh "Lutetia" (nó Lutetia Parisiorum, "Lutetia na bParisii" san iomlán) ar an gcathair le linn fhorghabháil na Rómhánach sa chéad aois go dtí an séú haois. Ach le linn réimeas Julian an Fealsamh (360-363) athainmníodh an chathair mar "Paris".

Measann daoine eile go dtagann ainm na treibhe Parisii ón bhfocal Gaillise parisio, a chiallaíonn "an lucht oibre" nó "na ceardaithe". Ó thús na fichiú haoise, tugtar Paname, focal béarlagair as Fraincis, ar Pháras chomh maith.

Tá a lán leasainmneacha ag Páras, ach is é "La Ville-Lumière" an leasainm is coitinne. Aistrítear é seo mar "Cathair an tSolais" de ghnáth. Tagann an leasainm seo ó chlú na cathrach i rith Ré na hEagnaíochta mar lárionad oideachais, agus níos déanaí mar gheall ar shoilsiú sráide a glacadh go luath sa chathair.

Ceantair na Cathrach cuir in eagar

Tá Páras roinnte i gceantair éagsúla. I measc na gceann is cáiliúla, tá:

Aeráid cuir in eagar

Páras – Aeráid
Eanáir Feabhra Márta Aibreán Bealtaine Meitheamh Iúil Lúnasa Meán Fómhair Deireadh Fómhair Samhain Nollaig Bliain
Meán-uasteocht an lae (°C) 6.9 8.2 11.8 14.7 19.0 22.7 25.2 25.0 20.8 15.8 10.4 7.8 15.5
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) 2.5 2.8 5.1 6.8 10.5 13.3 15.5 15.4 12.5 9.2 5.3 3.6 8.5
Meán-bháisteach (mm) 53.7 43.7 48.5 53.0 65.0 54.6 63.1 43.0 54.7 59.7 51.9 58.7 649.6
Foinse:
 
Place de la Concorde

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar