Séard atá sa phósadh ná comhcheangal sóisialta nó conradh dlíthiúil idir dhaoine aonair a bhunaíonn gaol. Is aontas é atá glactha go sóisialta agus go dlíthúil ag beirt a bheidh ina gcónaí lena chéile agus a fhanfaidh dílis dá chéile gan daoine eile a bheith páirteach.[2] Is conradh dlíthiúil é a n-athníonn cearta agus freagrachtaí an leanúin, a mbaineann le céileachas, tógáil páiste agus dílseacht, do gach bhaill den pósadh.[3] Maireann an conradh san Iarthar go dtí go dtarlaíonn colscaradh nó bás an pháirtí.

Pósadh Inanna agus Dumuzi[1]

Is institiúid í ina n-aithnítear caidrimh idirphearsanta, go hiondúil atá dlúthaí agus collaí, i slite éagsúla ag brath ar an mbéascna nó an déimeagrafach. Tugtar bainis ar fhéasta an phósta.

In Éirinn cuir in eagar

Ar an 23 Bealtaine 2015, ghlac móramh na vótálaithe le pósadh comhghnéis i reifreann i bPoblacht na hÉireann. Ba í Éire an chéad tír ar domhan inar vótáil an pobal féin ar son pósadh aon inscne.[4]

Pósadh comhghnéis cuir in eagar

Ar 1 Aibreán 2001, rinneadh pósadh idir beirt arb ionann gnéas dóibh dleathach san Ísiltír, an chéad tír ar domhan inar tharla sé sin.[5]

 
1908ː faigheann na mná a seans ar an 29 Feabhra
 
Pósadh Giúdach, Port Láirge, 1901 (Miss Esther Levin, Mr Myer Stein)

Nósanna cuir in eagar

Ceann de na nósanna traidisiúnta is mó cáil a bhain riamh le bliain bhisigh ná go bhféadfadh bean iarraidh ar fhear í a phósadh.[6] Ba mhinic an cleamhnas á dhéanamh i rith an Charghais ainneoin rialacha eaglasta in aghaidh a leithéide.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Inanna" (as en) (2022-04-30). Wikipedia. 
  2. Christine Ní Chathasaigh / cogg.ie. "Pósadh". Dáta rochtana: 22-5-2022.[nasc briste go buan]
  3. quizlet.com. "Posadh". Dáta rochtana: 2022.
  4. Maitiú Ó Coimín (2015). "An tAcht Pósta le teacht i bhfeidhm inniu ach ní féidir cóip den phíosa reachtaíochta a cheannach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-02.
  5. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Pósadh comhghnéis". Dáta rochtana: 2021.
  6. "Is cuma cathain a stopfar an céilí, muide a dhéanfaidh breithiúnas ar na rinceoirí i mbliain bhisigh 2020" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-02-29.