Cruthanna miotalacha a dhéanamh trí phúdar an mhiotail a chomhbhrú isteach sa bhfoirm chríochnaithe nó gar di. Baineadh feidhm aisti ar dtús chun filiméid tungstain a dhéanamh i gcomhair bolgán leictreach, agus anois chun uirlisí gearrtha cairbíd tungstain is imthacaí féinbhealaithe a dhéanamh. Is féidir é a dhéanamh le hiarann, stán, nicil, copar, alúmanam is tíotáiniam. Ar dtús déantar na púdair le páirteagail rialta de thoisí ar leith trí adamhú (trí sprae den mhiotal leáite a fhuarú go tapa) nó deascadh rialaithe ceimiceach. Ansin comhbhrúitear an púdar isteach i múnla roimh é a theaschóireáil (sintéarú). Is amhlaidh a tharlaíonn táthú idir na páirteagail ag na pointí tadhaill ar fud an struchtúir. I mbealach eile, cothaítear an púdar ó chrannóg isteach sa bhearna idir dhá rollóir chun stiall a dhéanamh. Is costéifeachtúil an modh deantúsaíochta é, agus tugann sé póiriúlacht sa struchtúr más inmhianaithe é sin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Púdarmhiotalóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 541.