Pablo Escobar

tiarna drugaí Colómach

Ba tiarna agus gáinneálaí drugaí Colómach é Pablo Emilio Escobar Gaviria, a rugadh ar an 1 Nollaig 1949 agus a fuair bás ar an 2 Nollaig 1993. Bhí sé ina bhunaitheoir agus ina aon-cheannaire ar an gCairtéal Medellín.

Infotaula de personaPablo Escobar

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(es) Pablo Emilio Escobar Gaviria
1 Nollaig 1949
Rionegro, An Cholóim Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Nollaig 1993
44 bliana d'aois
Medellín, An Cholóim Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisTráma balaistíoch
Áit adhlacthaMedellín Cuir in eagar ar Wikidata
Member of the Chamber of Representatives of Colombia (en) Aistrigh
20 Iúil 1982 – 26 Deireadh Fómhair 1983 (tarscaoileadh)
Stiúrthóir Cairtéal Medellín
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteEl Patrón
El Mágico
El Zar de la Cocaína
El Duro
El Baron
El Diablo
El Padrino
El Tutur
Don Pablo
El Doctor Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Áit chónaitheLa Catedral (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan Spáinnis
Gníomhaíocht
Gairmtiarna drugaí, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPartido Liberal Colombiano Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Spáinnis
Eile
CéileMaría Isabel Marieta (1976–1993), bás Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíMaría Isabel Marieta (luach anaithnid–1976) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteSebastián Marroquín
 ( María Isabel Marieta)
Manuela Escobar
 ( María Isabel Marieta) Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínRoberto De Jesus Escobar Gaviria.msrtin
Ciontaíodh igáinneáil ar dhrugaí
cambheart
breabaireacht Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

IMDB: nm1389257 Find a Grave: 6202410 Cuir in eagar ar Wikidata

"Rí an Chócaoin" a bhaisteadh ar Escobar. Nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa, ba é sholáthraigh 80% de chócaon an domhain, rud a rinne an coirpeach is saibhre riamh de agus duine de na daoine is saibhre ar domhan.[1]

Bhí nach mór dearbhmhonaplacht aige ar an gcócaon ag dul suas go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá le linn na 1980í agus tús na 1990í.

Saol cuir in eagar

Saolaíodh i Rionegro agus tógadh i Medellín é, an dara chathair is mó sa Cholóim. Chaith Escobar seal beag ina mhac léann in Autónoma Latinoamericana Medellín. Ach níor thaitin an gnáthshaol leis agus niorbh fhada gur thit sé isteach le mioncoirpigh eile. Thosaigh Escobar ag díol toitíni neamhdhleathacha agus ticéid chrannchuir bhréaga agus ag goideadh gluaisteán. Sna luath-sheachtóidii, thosaigh sé ag fuadach giall chun airgead a bhaint amach.

Gáinneáil ar dhrugaí cuir in eagar

Chuir Escobar an 'Cairtéal Medellín' ar bun sa bhliain 1976. An phríomhrud a bhí a bhí idir láimhe acu ná púdar cócaoin a dáileadh i dtreo na Stát Aontaithe, ar na céad bealaigh smuigleála riamh.

 
1992

Bhí margadh ollmhór nua ann ó thuaidh agus cothaíodh an-éileamh sna S-A gan mórán moill. Meastar go raibh idir seachtó agus ochtú tonna den druga á thabhairt aníos ar bhonn miosúil. Níl ábhar iontais é gur cruthaíodh idir uafás an anbhá i súile an rialtais na S-A - lear mór den druga ar sráideanna na tíre agus an trodaíocht fuillteach a bhain leis sa Chólóim. Saol galánta agus saibhir a bhí ag Escobar, ar thaobh amháin, ach bhíodh sé de shíor ag dul i ngleic le cairtéal nua eile, fórsaí cosanta na Colóime agus an CIA. Cé gur narcasceimhlitheoir brúidiúil amach is amach a bhí ann, ba laoch de short é i measc a phobail féin, áfach, agus airgead á chaitheamh aige ar ospidéil, scoileanna, séipéil agus foirne/áiseanna sacair.[2]

Bás cuir in eagar

 
2 Nollaig 1993

Sa bhliain 1991, ghéill Escobar agus gearradh 5 bliana príosún air. Rinne sé socrú leis an Uachtarán Cesar Gaviria a chinntigh nár eiseachadadh é, agus go mbeadh sé de cheart aige an pionós a chaitheamh i ndaingean dá chuid féin (La Catedral).

Sa bhliain dár gcionn, áfach, rinne na húdaráis iarracht é a athlónnu i gnáthphriosún. D'éaláigh sé le linn na troda agus theith sé. Mharaigh Póilíní Náisiúnta na Colóime é ar 2 Nollaig 1993.

 
Mac Escobar, Sebastián Marroquín, agus cáinteoir

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Breandán M Mac Gearailt (2021). "Cuntas spleodrach fíorshuimiúil faoi iarracht Pablo Escobar a chur de dhroim seoil." (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-02.
  2. Breandán M Mac Gearailt (2015). "Scéinséir gnásúil le bithiúnach ón bhfíorshaol" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-03.